21.2.14

Gabhar mo leithscéal...

Go dtí inniu, ní fhéadfainn an físeán YouTube is fearr liom a roghnú. Go dtí inniu...

Je présente, Cèvres en Équilibre...


13.2.14

Uirlisí Ársa na hÉireann

Bhí an t-ádh orm inné freastal ar léacht agus taispeántas ag Simon O'Dwyer ón eagraíocht Ancient Music Ireland a bhí ar siúl san ollscoil i nGaillimh mar chuid den fhéile ealaíona Múscailt. Is saineolaí ar shean-uirlisí ceoil é Simon, go háirithe na sean-choirn chré-umha a bhí á seinnt ag ár sinsir na mílte bliain ó shin. Chuir sé iontas orm nuair a mhínigh sé dúinn gur in Éirinn a fuarthas 40% de shean-choirn mhiotail an domhain, agus go raibh na huirlisí áille seo á ndéanamh agus á seinnt 3,000 bliain ó shin le linn na Cré-umhaoise. Ná bac leis an gcláirseach - tá an sean-chorn cré-umha níos Éireannaí fós!


Bhí go leor macasamhail ag Simon le taispeáint dúinn, agus nuair a sheinn sé iad… bhabha… táim ag rá libh gur chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Mhothaigh mé féin go rabhas ag éisteacht le torann a raibh mé ag fanacht air fad mo shaoil! Bhí rud éigin chomh glan nádúrtha faoina nglór, ar nós go raibh sé ag teacht ón gcroí istigh. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh air i gceart, ach mhothaigh mé go raibh mé féin ar ais sa Chré-umhaois ag mairseáil le mo shinsir. Seo thuas mé ag séideadh macasamhail den chorn Iarannaoiseach a fuarthas i Loch na Séad, Ard Mhacha. Faraor níor tháinig fiú is nóta amach as :(