22.2.11

Céad trácht ar an bhfód

De réir na staitisticí, seo é an 100ú trácht ar mo bhlag. So, chun cineál ceiliúrtha a dhéanamh ar an ócáid, agus gan dada le rá agam ar maidin, cheap mé go mbreathnóinn siar ó mo 100ú trácht go dtí mo chéad cheann... Fadó, fadó in, ahem, 2010... agus mé lán dóchais is grá...

Céard tá foghlamtha agam ó shin? Bhuel, conas síntí fada a scríobh sa chéad dul síos. Chun an fhírinne a rá níl mo phríomh-chuspóir, mar atá sé luaite thíos, bainte amach agam - níl mórán scríofa agam faoin mBreatain Bheag í féin. Ah bhuel, idir an dá linn, bhaineas sult as bhur dtráchtanna agus bhur gcomhairle... agus ar aghaidh liom go dtí an chéad chéad eile.

Failte go Caerdydd
Taim beagnach coicis bogtha go Cardiff anois, agus is brea liom an ait. Ta go leor cosulachtai idir an Bhreatain Bheag agus Eire agus, ar ndoigh, go leor leor difriochtai. Ba mhaith liom spas a chruthu anseo chun cur sios a dheanamh ar an tir fior-Cheilteach seo agus an mead ata le foghlaim ann. Bi ag leamh. Agus bi i dteagmhail.

21.2.11

Bréan den síneadh fada...?

Seans maith go bhfuil an suiomh seo feicthe agat cheana fein (cruthaiodh i 2009 e), ach ni fhaca mise go dti inniu e. Nuair a chuirtear teacs gan sinti fada isteach ar chle, agus nuair a bhruitear an cnaipe, tagann an teacs ceanna anios, go draiochtuil, ar dheis le sinti fada curtha ann. Solas agus solas, ahem, sólás don te ata brean den chnaipe 'alt' a usaid.

Mar shampla...

Seans maith go bhfuil an suíomh seo feicthe agat cheana féin cruthaíodh i 2009 é , ach ní fhaca mise go dtí inniu é. Nuair a chuirtear téacs gan síntí fada isteach ar chlé, agus nuair a bhrúitear an cnaipe, tagann an téacs céanna aníos, go draíochtúil, ar dheis le síntí fada curtha ann. Solas agus solas, ahem, solas don té atá bréan den chnaipe 'alt' a úsáid.

20.2.11

An Rí, na clóin, is na buachaillí bó

Roinnt scannáin maithe eile feicthe agam an tseachtain seo, agus cuid mhór de liosta na hOscars don scannán is fearr feicthe agam faoin tráth seo.

An tseachtain seo...

The King's Speech, scéal snagach Seoirse a Sé, Sasana, agus é ag streachailt le hóráidí, agus a theaghlach, le tús a réimis agus teacht an Dara Chogadh Domhanda. Ainmniúcháin faighte ag Colin Firth, Geoffrey Rush agus Helena Bonham Carter dá n-aisteoireacht, agus iad tuillte go maith acu gan amhras. Thaitin an scéal go mór liom, cé nár cheapas go mbeadh suim dá laghad agam ann, ach ní rabhas chomh tógtha leis an scannán agus a bhí lucht léirmheastóireachta Rotten Tomatoes (95%!!!). Mo thuairim: 7/10.


Never Let Me Go... óóó, thaitin an ceann seo go mór mór liom, cé gur ábhar deacair atá ann - saol triúir clón óga, nach bhfuil ar an domhan ach le horgáin a tháirgeadh dá "n-úinéirí". Bhí an leabhar léite agam blianta ó shin (is aoibhinn liom stíl liteartha Kazuo Ishiguro, a scríobh The Remains of the Day freisin), so bhí suim mór agam sa scannán roimhré, agus in ainneoin na ndaoine a d'fhág an scannán leath-bhealach tríd - beagnach leath na pictiúrlainne - bhí tionchar mór aige orm. Is softie amach is amach mé le déanaí. Bhí Carey Mulligan thar barr - réalt mór amach anseo, táim cinnte, agus níor chuir pout Kiera Knightley isteach orm, rómhór. Níl tóir mór ar an gceann seo ar Rotten Tomatoes (68%). Mo thuairim: 9/10.

True Grit, an scannán is déanaí ó na Coen Brothers, agus athléiriú ar an úrscéal atá suite sa Wild West. Léirmheas mo charad air: "astonishing, it's entered my top ten movies ever". Ní dóigh liom go bhfuil sé im' top ten na bliana seo! Thaitin an cineamatagrafaíocht go mór liom, agus bhí Jeff Bridges iontach iontach maith, ach ag deireadh an scannáin ba chuma liom sa tsioc cé a bhí marbh agus cé a bhí beo. Gan dabht, bhainfeadh m'athair an-sult as an gceann seo, agus é sáite leis an scáileán aon uair a chraolaíonn TG4 sean-scannáin Clint Eastwood (agus craolaítear go minic iad!). 95% eile ag Rotten Tomatoes. Mo thuairim: 7/10.

Na roghanna is fearr liom as ainmniúcháin Oscair don scannán is fearr 2011: The Kids are All Right, The Black Swan, Toy Story 3. (Níl ainmniúchán ag Never Let Me Go). Hmmmm, seachas Toy Story 3, scannáin le mná láidre sa phríomh-róil. Caithim a rá gur thaitin Inception go mór liom freisin.

11.2.11

Fógraí Mealltacha

Tá fórsa Éireannach ag teacht go Caerdydd go luath. No, ní faoin bhfoireann rugbaí atá mé ag caint... ach an Dómhnallach Dána é féin. Cuir bhur n-iníonacha faoi ghlas!

Agus fógra eile a mheall mo shúil i rith na seachtaine. Bug VW deas gorm le díol ag mo chomharsan. Ó, dá mbeadh an t-airgead agam. Chaithfinn chuile rud atá agam sa saol isteach i gcúl an veain, is thiomáinfinn díreach ar an bpointe thuas go hEilean a' Cheo, le Imelda May os ard ar an raidió... Dá rachfadh sé chomh fada sin! Ó bhuel.

Agus mé ag caint faoi fheithiclí, chonaic mé an pláta seo ar mo shráid. Taitníonn an bratach Briotánach agus an t-ainm Breizh ar an taobh dheis liom. D'oibrigh mé ar Irish Ferries uair amháin (ní raibh mórán le déanamh an uair sin i Loch Garman sa samhradh ach obair ar na ferries nó sútha talún a phiocadh) ó Ros Láir go Cherbourg... agus Roscoff, baile beag gleoite i dtuaisceart na Briotáine. B'fhéidir go bhfillfidh mé ann i mo bhug veain nuair a éirím bréan den Albain!

4.2.11

Cáis náire

Mo chéad mholadh don té a chroch an fógra seo ar a doras an tseachtain seo. Bainigí sult as. 


Beidh mé ag filleadh lá an vóta, ach faraor ní bhuailfidh mé le haon pholaiteoir i mbun feachtais. Ach tá mo mham ag coinneáil súil ghéar ar an doras ar mo shon.

3.2.11

Boilsciú bia, mo thóin.

Deirtear go bhfuil praghas an bhia níos airde anois ná mar a bhí riamh.

Bhuel, má tá, níl sé cloiste ag IKEA.

Tá an bricfeasta seo thíos le fáil ann ar phraghas 99p, le cárta Family (ní gá duit 'family' a bheith agat, buíochas le Dia). Le do rogha tae nó caife leis, saor in aisce. (Bhí orm £1.50 a íoc as an sú oráiste).



Anois, bím amhrasach go hiondúil roimh bhia atá shaor, i mo thuairimse. Ní mheallann a leithéid de bhfógraí "Pie and a Pint, £4.99" mé, a bhíonn le feiceáil go minic os comhair na dtábhairní timpeall na cathrach. Má tá luach £4.99 ar an dinnéar agus an deoch, níl ann ach salachar agus salann, a deirim liom féin. Ach uaireanta bíonn ort a leithéid d'IKEA a thriáil, agus tú i do mhac léinn, an dtuigeann tú? So, seo é mo léirmheas ar an mbricfeasta 99p.

Bágún: go deas, gan a bheith róthirim/róghoirt. 8/10
Íspín: leis an iomarca saille ann, agus gan bhlas deas na n-ispíní Éireannacha. 3/10
Hash brown: go deas, tirim, blasta, éadrom. 8/10
Pónairí: beagáinín crua, ní thaitníonn pónairí leis an mbricfeasta liom. 2/10
Ubh: bán, gan bhlas ar bith. 1/10
Tráta: crua, searbh. 2/10
Tae: Earl Grey, go hálainn blasta, agus saor in aisce. 10/10

Marc iomlán: 5/10