21.10.10

Seo mise

Ní bheidh mé ar an idirlíon arís go ceann seachtaine. So, seo mise, agus má fheiceann sibh mé thíos ag an Oireachtas i gCill Áirne bí cinnte haló a rá liom. Beidh pionta Guinness agam ;)

20.10.10

Seoltaí an tSaoil

Tá sráideanna le feiceáil ar Google StreetView, chomh maith le bóithre, mótarbhealaí agus ascaillí ó cheithre chearn na cruinne. Ach b'fhearr liomsa i bhfad breathnú síos conair na cuimhne. Mar sin seo daoibh mo shaol ó thaobh na seoltaí de. Gach áit ina rabhas lonnaithe ar feadh míosa, ar a laghad - fada go leor chun litir a fháil agus an seoladh a chuimhneamh. Níor cheap mé go mbeadh an oiread sin ann nuair a thosnaigh mé air.  :-\









An baile :)










An scoil chónaithe










An chéad teach sa chathair










An teach is lú










An teach is salaí










An teach is faide ón mbaile










An teach is mí-chairdiúla










An teach is cairdiúla










An tréimhse is gairide










An teach is gruama










An teach is contúirtí










An teach is teinne teannasaí










An áit is daoire










An teach is plódaithe

18.10.10

Cósta na Mí? Goidte ag Google.

B'fhéidir go bhfuil duine as an Lú ar thaithí oibre i nGoogle? B'fhéidir gur baineadh díoltas as an Mí mar gheall ar an gcluiche conspóideach sin. B'fhéidir go bhfuil an t-athzónáil ag dul thar fóir? Cibé cúis, tá cósta na Mí imithe (de réir Googlemaps pé scéal é). Cé go raibh 7 míle idir an Lú agus Baile Átha Cliath tráth, tá teorann idir an dá chontae anois. Fáilte go Rásaí Laytown? Fáilte go dtí an Lú.

16.10.10

Scéal an dá mhapa

Is aoibhinn liom léarscáileanna. Níl a fhios agam cén fáth. Thaitin siad go mór liom i gcónaí. Is cuma cén scéal atá sa nuachtán nó ar an teilifís, má chuirtear léarscáil leis tarraingeoidh sé m'aird. Léim cuid mhaith blaganna go laethúil a bhaineann le mapaí agus an tíreolaíocht freisin.

Ag breathnú siar tríd na griangrafanna ar m'iPhone, thugas na léarscáileanna seo faoi ndeara. Córais iarnród atá iontu, is dócha gur cheapas go raibh siad úsáideach nó ealaíonta ag an am.
















Ar dtús, léarscáil íocónach an Underground. Tá sé feicithe againn uilig, agus aithris déanta ar go minic (mar shampla, sa togra fíor-speisiúil seo córas nua bus a chruthú i mBÁC). Foilsíodh an leagan conspóideach seo bliain ó shin nuair a bhaineadh an Thames uaidh, chun an léarscáil a shoiléiriú (baineadh go leor eolais eile uaidh ag an am céanna). Tógadh raic ag an am i measc muintir Londain a bhraith ar an abhainn chun cruth ceart a chur ar an mapa (tuigim a gcás), agus gealladh dóibh go n-athrófaí ar ais é. Idir an dá linn bhí an mapa bán 'tirim' thuas le feiceáil sna stáisiúin.




















Áááá, ár gcóras iarnróid féin. Is breá liom an léarscáil seo. Ní fhaca mé íomhá don chóras traenach chomh simplí riamh, agus is aoibhinn liom ainmneacha na stáisiúin iargúlta - ar nós Manulla Junction, Ballybrophy, Banteer. Níor chuala mé trácht orthu sula bhfaca mé an léarscáil seo. Ach faraor tá siad chun píosa a bhaint ón léarscáil seo freisin. Ní abhainn é, ach an líne idir Ros Láir agus Port Láirge, agus na stáisiúin beaga iargúlta im' cheantar féin - Bridgetown, Wellington Bridge, Ballycullane, Campile. Le himeacht an tionscadal siúcra ón tír seo, níl an t-éileamh ann don traein, agus beidh sé níos éasca agus níos saoire daoine a bhusáil go Port Láirge ina áit. :(

8.10.10

Mana, mana, mana




















Caithim súil ar an suíomh Sporcle.com go minic nuair a bhíonn am saor le cur amú agam (agus go rómhinic nuair nach mbíonn). Agus tharraing an cluiche seo m'aird ar mhanaí na Stáit Aontaithe, agus na teangacha a bhaineann leo. Bain triail as.

SPOILER: De réir na bhfreagraí, is iad an Béarla agus an Laidin na teangacha is coitianta, ach tá manaí ann sa Ghréigís, Spáinnís, Fraincís, Iodáilís agus teangacha dhúchasacha na Meiriceánach.

Thosaigh mé ag smaoineamh... cad iad teangacha choitianta mhanaí na gcontaetha in Éireann? Agus cé chomh coitianta is atá an Ghaeilge ann?

An rud is suntasaí faoi, dar liom fhéin, ná an oiread Gaeilge atá ann, 17 acu. Is léir go dtaitníonn an uaim ag lucht scríbhneoirí na manaí, m.s. Comhar, Cabhair, Cairdeas/Meanma agus Misneach/Daingean agus Dílis. Tá an Laidin go láidir ann chomh maith, go háirithe sna Sé Chontae. Is dócha go bhfeileann sé don dá phobal thuas ann. (Sin ráite, b'fhearr le muintir Fhear Manach an Ghaeilge, bhuel an tSean-Ghaeilge, is cosúil.) Má tá spéis agat iontu, seo duit an liosta iomlán. 32 contae + 3 chomhairle contae BÁC + Tiobraid Árainn breise.

Manaí na gComhairlí Chontae
Gaeilge: 17
Laidin: 8
Gan aon mhana: 7
Sean-Ghaeilge: 2
Béarla: 1
Gaeilge/Béarla: 1

Aontroim: Per angusta ad augusta
Ard Mhacha: ---
Baile Átha Cliath: Beart de réir ár mBriathar
Baile Átha Cliath Theas: Ag Seo Ár gCúram/This We Hold in Trust
Cabhán: Feardhacht is Fírinne
Ceatharlach: ---
Ciarraí: Comhar, Cabhair, Cairdeas
Cill Chainnigh: ---
Cill Dara: Meanma agus Misneach
Cill Mhantáin: Meanma Saor
Clár: Dílis d'ár nOidhreacht
Corcaigh: ---
Doire: Auxilium a Domino
Dún: Absque Labore Nihil
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin: Ó Chuan go Sliabh
Dún na nGall: Mutuam Habeatis Caritatem
Fear Manach: Feor Magh Eanagh
Fine Gall: Flúirse Talaimh is Mara
Gaillimh: Ceart agus Cóir
Iarmhí: Triath ós Triathaibh
Laois: I bpáirt leis an bpobal
Liatroim: ---
Loch Garman: Exemplar Hiberniae
Longfort: Daingean agus Dílis
Lú: Lugh sáimh-ioldánach
Luimneach: Cuimhnigh ar Luimneach
Maigh Eo: Dia is Muire Linn
Mí: Tré Neart le Chéile
Muineachán: Dúthracht agus Dícheall
Port Láirge: Déisi oc Declán co Bráth
Ros Comáin: Constans Hiberniae Cor
Sligeach: Land of Heart's Desire
Tiobraid Árainn Theas: ---
Tiobraid Árainn Thuaidh: ---
Tír Eoghain: Consilio et Prudentia
Uíbh Fhailí: Esto Fidelis

Is fearr liom féin mana Fhine Gall - Flúirse Talaimh is Mara. Cruthaíonn sé íomhá álainn i m'aigne. B'fhéidir gur chóir dóibh cur le chéile le comhairle Dhún-Laoghaire: Flúirse Talaimh agus Mara ó Chuan go Sliabh. Wow, bheadh orm bogadh ann le mana mar sin!

5.10.10

BIORRRA













Gluaisteán Uíbh Fhailí (?) feicithe i gCaerdydd ar an deireadh seachtaine.
Meas tú, an raibh Biffo ag lorg pionta deas ciúin i bhfad ón mbaile?
Má bhí, ní anseo a bhfuair sé é. Freshers week a bhí ann.

4.10.10

Damáiste Pacáiste




Tháinig beart álainn sa phost chugam, lán d'earraí Éireannacha - Taytos agus anlann Bhallymaloe (yum). Tháinig nóta leis ón Royal Mail ag rá go raibh an pacáiste loite ar an turas agus go raibh orthu é a ath-dhúnadh (bhí cellotape agus mála plaisteach curtha timpeall air). 

Ach bhí comhábhair breise i bhfolach ann. 

Sular ath-dhúnadh mo bheart is léir gur caitheadh isteach earraí ó phacáistí loite eile! Ispíní beaga Pólannacha agus saicín Paprika ón Ind. Agus deirtear nach bhfuil lón saor le fáil. An bhfuil oideas idirnáisiúnta ag éinne don ualach ileitneach seo?

2.10.10

ASG nó ASG?!












Is cineál béarlagair iad acrainmneacha na hidirlíne. Níl cumhacht cumarsáide iontu go dtí go bhfuil an chiall agat. Agus níl úsáid acu muna bhfuil siad ar eolas ag go leor daoine eile. Tá roinnt dóibh intuigthe, ach is gá cuid mhaith dóibh a fhoghlaim agus, dá bhrí sin, tá liostaí mar seo thar a bheith úsáideach a mbríonna a scaipeadh.

Chuir sé iontas orm, mar sin, go raibh míthuiscint agam ar cheann dos' na hacrainmneacha is coitianta ar-líne. Cheapas riamh gur "ag scaoileadh gáirí" é ASG ach tuigim anois, ó fhreagraí na mblagálaithe eile anseo, gur "ag scairteadh gáire" atá i gceist.

Cén difear? Nach bhfuil "an gáire" i gceist ag an dá cheann?

Bhuel, tá. Ach is cineálacha éagsúla gáirí iad. Is ceist tábhachtach í, toisc go mbíonn an t-acrainm in úsáid chomh minic sin againn. Agus leis an easpa comhthéacs atá ag an teagmháil idirlíne braithimid ar acrainmneacha, agus straoiseoga, ár gcialla agus mothúcháin a threisiú, nó a shoiléiriú.

So, ag scairteadh gáire. Ag gáire os ard. Go glórmhar. Go scréachach. Go béiceach, búireach.

Tuigim an t-aistriúchán anois. Tagann sé díreach ó LOL an Bhéarla. Tá gáire glórmhar i gceist ansin freisin. Ach cé go mbíonn LOL in úsáid agam go minic sa Bhéarla, admháim nár bhéic mé riamh os ard ag gáire os comhair an ríomhaire. (Bhuel, b'fhéidir uair nó dhó!). Go hiondúil is rud inmheánach é agus mé liom fhéin sa seomra codlata, nó ag éisteacht le físeán YouTube ar mo chluasáin san ollscoil. Ní bhím ag scairteadh. Ach go minic scaoilim gáire beag asam nó fuaim de shaghas éigin. Ag scaoileadh fuinneamh grinn a bhím.

So, a leitheoirí dílse, ní dóigh liom go bhfuilim sásta scaoileadh le mo scaoileadh gáirí go fóill! Glacaigí liom, le bhur dtoil, go mbeidh mé ag gáire libh ach ag ASG-áil ar bhealach beag éagsúil.

Agus dála an scéil, a Áine, seo duit leagan nua don dán sin. Tá súil agam go n-oibríonn sé níos fearr anois.


IS MISE ÁINE AN BLAGÁLAÍ


Is Mise Áine, an blagálaí,
Mo scéalta á roinnt,
Le scáileáin an ghréasáin,
Go cainteach gan caint.

Scrollaigh siar ar mo thráchta,
Nochta gan náire,
Le corr-straoiseog fánach
ASG ;)

Suite i gCeann Scríbe
I gcónaí ullamh
Le focal fáilteach
Ó sheomra folamh.

1.10.10

StreetView na hÉireann

Bealach nua an baile a aireachtáil uait :(
















Dála an scéil, bhfuil focal Gaeilge ar StreetView go fóill?

"Súil an Bhóthair"?