29.4.10

Inniu Dé Céadaoin. Lá fliuch atá ann :(

Bhí fhios agam go dtarlódh sé. I ndiaidh trí seachtaine grianmhara a chaitheamh i gCardiff, tháinig an bháisteach inniu. Dúradh liom go raibh aimsir na Breataine Bige díreach cosúil lenár aimsir féin sa mbaile ach, fós fhéin, ní rabhas ag súil leis ar maidin. Ar a laghad, glanfaidh sé salach na bhfaoileán ón ngluaisteán.

Nach aisteach í an chuimhne? Tar éis bliain go leith a chaitheamh ag obair i gConamara (5 bhliain ó shin anois), ní chuimhin liom lá amháin a bhí fliuch! (Cé go raibh a dhóthain ann). Ag breathnú siar ar mo thréibhse ann, smaoiním ar laethanta geala thuas ar na cnoic agus tráthnónta breátha ag snámh sa bhfarraige (a bhí nimhneach fuar, ar ndóigh). Ach ní chuimhin liom báisteach ar bith.

Right, a mhac, ar aghaidh leat leis an staidéar agus ná bí ag stánadh amach an fhuinneog.

28.4.10

Máire G-Q in aghaidh Arm na Téalainne

Tá iPhone agam agus is breá liom é. Tá go leor leor apps agam, idir cluichí agus nuachtáin, agus bíonn difríochtaí móra idir a stíleanna ar fad. Tóg app an Irish Times mar shampla. Stíl bunúsach air leis na cinnlíntí is déanaí a liostáil, i comparáid le happ an Ghuardian, a bhíonn clúdaithe le pictiúirí.




Ach is cuma faoin stíl muna oibríonn an app i gceart. Bíonn fadhbanna go minic ag an Irish Times an pictiúr ceart a lódáil. Tuigim go bhfuil brú mór ar Mháire Geoghagan-Quinn bhocht - ach ní raibh fhios agam gur scaip an scéal go hidirnáisiúnta!

Ní hamháin an Irish Times a bhíonn mall lena n-apps. Chonaic mé an leathanach seo ar app an Ghuardian i ndiaidh an crith talún sa tSile. Is léir go raibh deifir mór ar an dearthóir, ach d'fhéadfaí bheith i bhfad níos mothálaí i ndiaidh tubaiste chomh mór sin.

27.4.10

Leasdeirfiúracha agus laptopanna

Ceann do na fadhbanna is mó a bhíonn ag múinteoirí Gaeilge ná na focal nua-aimseartha a bhíonn ag teastáil ó dhaltaí. Go minic, ní bhíonn na focail agam féin nó bíonn an Béarla, nó leagan dó, in úsáid (b'fhéidir go mícheart) agam. Tabharfaidh mé sampla daoibh. Bhí mac léinn amháin ag lorg an focal "half sister" - focal tábhachtach agus í ag déanamh cur síos bunúsach ar a clann. Bhí orm breathnú sa bhfoclóir don fhocal "leasdeirfiúr" (a thaitníonn go mór liom mar fhocal). Ach i gcás an focal "laptop", mhol mé dóibh "laptop" a úsáid in áit "ríomhaire glúine". Is dócha go rabhas mí-chaighdeánach ansin. Bhí an focal "sólann" sa leabhar, rud nár chuala mé riamh i mo shaol (is "leisure centre" é). Agus bhí fear eile ag lorg "guinea pig". Beidh stór mór focail agam ag deireadh an chúrsa. Ach an mbeidh na focail in úsáid áit ar bith eile ar domhain?

Gol Gaeilge

Mar chuid den PhD, ní mór dom rang Gaeilge a mhúineadh do mhic léinn Breatainise san ollscoil. Is aoibhinn liom an rang agus thaitin an mhúinteoireacht go mór liom... go dtí gur thosaigh cailín sa rang ag caoineadh inniu, bhí sí chomh neirbhíseach faoin scrúdú béil (an tseachtain seo chugainn). Chuimhnigh mé siar ar mo ranganna Ceimice - an ábhar ba leadránaí riamh - agus na deacrachtaí a bhí agam féin cuimhneamh ar na formulae ar fad. Tá staidéar teangan in ainm 's a bheith taitneamhach. An fiú an strus seo ar chor ar bith?

23.4.10

Lá 'le Seoirse









Lá 'le Seoirse shona daoibh uilig!

(Níor chuala tú é sin riamh as Gaeilge!)


Toghchán? Cén toghchán?

Cé go bhfuil go leor leor scríofa sna nuachtáin faoi agus na milliúin ag breathnú ar dhíospóireachtaí na gceannairí ar an teilifís, níl mórán fianaise ar shráideanna Chardiff go mbeidh toghchán ann i gceann coicíse. Níl fógra ar bith crochta suas ná litreacha tríd an doras. Níor tháinig duine ar bith chugainn ag iarradh ár vótaí a mhealladh. Sin ráite, deirtear gurb é seo an toghchán is fuinniúla le glúin. (Agus caithim a admháil go gcuireann ardú suntasach na Lib Dems gliondar ar mo chroí).

Táim ag tiomáint go Londain inniu i gcoir an deireadh seachtaine. Tá sé saor in aisce taisteal go Sasana, ach beidh orm tolla £5.00 a íoc ar an mbealach ar ais go dtí an Bhreatain Bheag chun an Severn a thrasnú. Anois, dá mbeadh mise i mo cheannaire Phlaid Cymru, bheadh sé sin ar bharr mo mhanifesto!

22.4.10

Altanna gairide agus síntí fada

Úps. Mo léithscéal, a chairde, faoin easpa síntí fada ar an mblag go dtí seo. Táim ag obair ar Mhac, ach tá siad faighte agam anois. Slááááán!

Bainne, Siucra, Teanga...

Fuair me bileog i dTesco inniu faoi chursai Breatainnise i mo cheantar. "Taster Courses" an t-ainm ata orthu, lonnaithe in 18 ionad ar fud na cathrach agus ni chosnaionn siad ach £20 i gcoir cuig rang. Iontach. Is leir go bhfuil bru mor Breatainnis a chur chun cinn sa phriomhchathair. Ta cupla focal ar eolas agam cheana fein.

Mor = Mawr
Glas = Glas
Inis = Ynys

Ni raibh se sin ro-dheacair!

Ganntanas Guth Gaeilge Great Britain?

Mar a fheiceann tu ar dheis, leanaim go leor blaganna Gaeilge. Rud amhain ata tugtha faoi deartha agam, afach, ná an easpa bhlag on Bhreatain. Ta go leor acu ann o Mheiricea agus an Eoraip (go hairithe an Eastoin, is leir), ach seachas blag Gaeilgeoiri Manchain (http://gaeilgeoirimanchain.blogspot.com/ - faraor, ta cuma ann go bhfuil se marbh) nil guth na Breataine le cloisteail i mBlogosphere blasta na Gaeilge. No an bhfuil siad i bhfolach?

21.4.10

Failte go Caerdydd

Taim beagnach coicis bogtha go Cardiff anois, agus is brea liom an ait. Ta go leor cosulachtai idir an Bhreatain Bheag agus Eire agus, ar ndoigh, go leor leor difriochtai. Ba mhaith liom spas a chruthu anseo chun cur sios a dheanamh ar an tir fior-Cheilteach seo agus an mead ata le foghlaim ann. Bi ag leamh. Agus bi i dteagmhail.