Tá Scoil na Breatnaise in Ollscoil Chaerdydd (an áit ina dhearna mé mo PhD) ag cuardach mac léinn MA a bheadh freagrach as modúil Ghaeilge na Scoile a theagaisc ar feadh bliana ó mhí Mheán Fómhair (2014) ar aghaidh. Beidh seans ag an duine MA sa Léann Ceilteach a dhéanamh san Ollscoil saor in aisce (costas £5,700 de ghnáth) agus gheobhaidh siad deontas freisin (timpeall €10,000) le costais mhaireachtála a chlúdú. Is clár an-solúbhta é an MA sa Léann Ceilteach, agus beidh deis ag an té a cheapfar a rogha modúil a thógaint agus taighde a dhéanamh faoin nGaeilge, faoin mBreatnais nó faoi ábhair a bhaineann leis na Teangacha Ceilteacha i gcoitinne.
Má tá suim agat cur isteach ar an MA seo, téigh i dteagmháil le hEirwen Williams, Bainisteoir na Scoile (i mBéarla nó i mBreatnais) ag WilliamsEG 'ag' Cardiff.ac.uk
17.4.14
21.2.14
Gabhar mo leithscéal...
Go dtí inniu, ní fhéadfainn an físeán YouTube is fearr liom a roghnú. Go dtí inniu...
Je présente, Cèvres en Équilibre...
Je présente, Cèvres en Équilibre...
13.2.14
Uirlisí Ársa na hÉireann
Bhí an t-ádh orm inné freastal ar léacht agus taispeántas ag Simon O'Dwyer ón eagraíocht Ancient Music Ireland a bhí ar siúl san ollscoil i nGaillimh mar chuid den fhéile ealaíona Múscailt. Is saineolaí ar shean-uirlisí ceoil é Simon, go háirithe na sean-choirn chré-umha a bhí á seinnt ag ár sinsir na mílte bliain ó shin. Chuir sé iontas orm nuair a mhínigh sé dúinn gur in Éirinn a fuarthas 40% de shean-choirn mhiotail an domhain, agus go raibh na huirlisí áille seo á ndéanamh agus á seinnt 3,000 bliain ó shin le linn na Cré-umhaoise. Ná bac leis an gcláirseach - tá an sean-chorn cré-umha níos Éireannaí fós!
Bhí go leor macasamhail ag Simon le taispeáint dúinn, agus nuair a sheinn sé iad… bhabha… táim ag rá libh gur chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Mhothaigh mé féin go rabhas ag éisteacht le torann a raibh mé ag fanacht air fad mo shaoil! Bhí rud éigin chomh glan nádúrtha faoina nglór, ar nós go raibh sé ag teacht ón gcroí istigh. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh air i gceart, ach mhothaigh mé go raibh mé féin ar ais sa Chré-umhaois ag mairseáil le mo shinsir. Seo thuas mé ag séideadh macasamhail den chorn Iarannaoiseach a fuarthas i Loch na Séad, Ard Mhacha. Faraor níor tháinig fiú is nóta amach as :(
15.1.14
Focail timpeall na hEorpa
Ar eagla nach bhfaca sibh an acmhainn iontach seo ar The Guardian inniu... is féidir focal a thaispeáint i mbreis is 35 teanga éagsúla ar léarscáil den Eoraip - rud a chuir mé ag spraoi (in áit a bheith ag obair) ar feadh uair a chloig inniu. Is é 'cos' an sampla thíos. Bainigí triail as...
14.10.13
IDM - faoi Dhlíthe na mBreithiún
TIL = IDM: Inniu D'fhoghlaim Mé...
Is cosúil go bhfuil an-tóir ar théamaí a bhaineann le hÉirinn ar reddit faoi láthair, mar seo thíos an 5ú mír is airde inniu ar phríomhleathanach an tsuímh (a mbíonn 70m úsáideoirí aige gach mí, agus i bhfad níos mó léitheoirí):
Tá nasc ag an gceannteideal thuas leis an alt seo ar an leathanach seo de Vicipéid. De réir an ailt, ba iad Éireannaigh na Meánaoise ceann de na sochaithe a shéan an píonós báis don chéad uair. De réir dlíthe na mBreithiún, i gcás dúnmharaithe bhíodh ar an gcoirpeach ceann de dhá 'fhíneáil' a íoc. Bhain na fíneálacha seo go díreach le luach an duine a dunmharaíodh. Mura mbeadh an coirpeach ábalta an fhíneáil a íoc, bhíodh air nó uirthi obair ar son teaghlach an íospartaigh mar 'sclábhaí'.
Bhuel, foghlaimíonn tú chuile lá beo.
Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an oiread seo tóir ar an alt seo i measc léitheoirí reddit (a bhíonn ag caitheamh vótaí nó karma dos na scéalta is mó suim acu). Is liobrálaigh as Meiriceá a bhíonn ag scríobh ar an suíomh den chuid is mó, agus is dócha go bhfeileann an sean-dlí seo dá gcuid polaitíochta (chomh fada is a bhaineann sé le píonós an bháis a shéanadh, ach go háirithe).

24.9.13
IDM - Inniu D'fhoghlaim Mé
Daoibhse nach mbíonn ag breathnú ar reddit.com, úsáidtear an t-acrainm TIL ann go minic, rud a chiallaíonn 'Today I Learned'. Úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar fhíric fhánach a chuaigh i bhfeidhm ar an redditeoir sin.
Anois, tá a fhios agam gur le Dennis an t-ábhar seo, ach... léigh mé TIL inniu faoi mhanaigh Éireannacha agus a gcuid scríbhneoireachta agus cheapas gur chóir dom é a roinnt anseo, daoibhse nach bhfuil, ahem, chomh saineolaíoch ar na rudaí seo.
Dar leis an gclár raidió BBC seo (timpeall 5.30 nóim) ba iad manaigh Éireannacha a chruthaigh an 'spás' a chuirtear idir focail sa scríbhneoireacht sa lá atá inniu ann. Scríobh siad sa Laidin, teanga nach raibh á labhairt sa tír toisc nár shroich Impireacht na Rómhannach an t-oileán. Chun cabhrú leo idirdhealú a dhéanamh idir na focail eachtranacha, chuir siad spás idir eatarthu. Ar ndóigh úsáidtear an spás seo go forleathan i dteangacha ar fud na cruinne anois.
Ní mise amháin a léigh an TIL seo, agus fágadh breis is 150 trácht air - a léiríonn cé chomh cumhachtach is atá redditor mar fhoinse eolais.
Ar ndóigh, ní foinsí eolais gach rud a scríobhtar ar reddit. Seo daoibh an racún beag atá le feiscint díreach faoin TIL sin.

23.9.13
Ag baint an fhéir
Ní hé lá na gaoithe, lá na scoilb.
Ach is é lá na gréine, lá bainte an fhéir.
Éad orm inniu ag breathnú amach ar an bhfear/bhféar seo inniu ó m'oifig fhuar dhorcha :(
Ach is é lá na gréine, lá bainte an fhéir.
Éad orm inniu ag breathnú amach ar an bhfear/bhféar seo inniu ó m'oifig fhuar dhorcha :(
5.9.13
Gaillimh Ghleoite
14.8.13
Gairdín Múrtha Colclough, Mainistir Thinteirn
D'iarr bainisteoir an ghairdín mhúrtha orm a mbróisiúr a aistriú go Gaeilge, agus shocraigh mé é a roinnt libh anseo, ionas go mbeadh an t-eolas ar fáil áit éigin ar líne. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ngairdín má tá sibh thíos san Oirdheisceart Grianmhar.
DAS, má fheiceann sibh botúin thíos, abair liom é - níl sé seolta agam go fóill.
DAS, má fheiceann sibh botúin thíos, abair liom é - níl sé seolta agam go fóill.
Gairdín Múrtha
Colclough
Lig do scíth sa dúlra…
tabhair cuairt ar an nGairdín Múrtha
Athchóirithe
ag Mainistir Thinteirn, Co. Loch Garman
![]() |
An gairdín sa lá atá inniu ann
|
Muintir Colclough
Thóg muintir Colclough (fuaimnithe Cóc-lí) an
Gairdín Múrtha Seoirseach seo breis is 200 bliain ó shin, roimh 1814. Chuir
oibrithe deonacha tús leis an obair athchóirithe i mí Iúil 2010 faoi stiúir Hook Tourism, tar éis dóibh ceadúnas a
shíniú le Coillte Teoranta, úinéirí an ghairdín.
An Leagan Amach
Tá leagan amach an Ghaírdín Mhúrtha athdheartha
anois faoi mar a bhí sé sna 1830aidí. Is iad na príomhghnéithe den Ghairdín
Múrtha cloiche agus brící seo – a bhfuil 2.5 acra ann – ná cúinní cuartha, dhá
struchtúr inmheánacha sa bhalla brící a scarann an gairdín ina dhá leath: an
t-oirthear (an gairdín ornáideach) agus an t-iarthar (gairdín na cistine), agus
an abhainn lena cúig dhroichead, a shreabhann tríd an ngairdín.
An Suíomh
Tá sé suite i ngleann glas álainn i lár coille,
áit a bhfuil ceol binn na n-éan le clos. Téann cuairteoirí tríd
iar-shráidbhaile Thinteirn ar an mbealach chuig an ngairdín ar chosán coille a
mbíonn coinnle corra agus gairleog fhiáin ag fás timpeall air san Earrach. I
rith an tsamhraidh, siúltar faoi bhun na bhfeánna arda dorcha, roimh spéir
ghorm oscailte an Ghairdín Mhúrtha a shroichint.
![]() |
| An Gairdín Cistine |
Stair agus Scéal
Bhunaigh manaigh
Chistéirseacha Mainistir Thinteirn tar éis 1200, faoi choimirce William Marshall,
ar abhainn bheag a shníonn amach i gCuan Bhanú. Tar éis a díscaoilte in 1536,
bronnadh an talamh ar fad ar Sir Anthony Colclough in 1562. D’fhan muintir
Colclough ina gcónaí ann ar feadh 400 bliain, agus le linn an tréimhse sin athraíodh
an mhainistir agus tógadh go leor struchtúir nua timpeall uirthi, ina measc
droichid, muileann línéadaigh, muileann plúir, forbhallaí agus an Gairdín
Múrtha Seoirseach.
Tógadh an Gairdín Múrtha
520m siar ó dheas ó Mhainistir Thinteirn, ag baint úsáid as clocha a bhí le fáil sna
páirceanna máguaird agus ag líneáil na ballaí le brící lámhdhéanta a cruthaíodh
sa Ghairdín Múrtha le láib ón inbhear áitiúil. Déanadh aol sa tiníl in aice le
droichead na bhforbhallaí as aolchloch dhóite a tháinig ar bháid ó Rinn Duáin
agus a meascaíodh le gainimh chun moirtéal aoil a chruthú.
Tá leagan amach an ghairdín
curtha ar ais mar a bhí in 1838 ag baint úsáid as eolas ón Mapa Stairiúil OSI. Léiríonn an mapa seo na cosáin, cúig dhroichead,
an clós seachtrach, agus na suíomhanna ina raibh an gairdín glasraí agus na
crainn torthaí suite.
Bhronn Miss Marie B. Colclough (a fuair bás in
1983) Mainistir Thinteirn ar an Stát in 1959. Tréigeadh an Gairdín Múrtha go
dtí gur leag an comhlacht stáit Coillte breis is 30 crann mhóra Sitka a
cuireadh ann in 1955. Gearradh siar an fál labhrais fiáin in oirthear an
ghairdín, agus tá sé ag fás arís go sláintiúil san áit chéanna inar cuireadh é
na céadta bliain ó shin. Glanadh siar an cosán tríd an gcoill i dtreo an
ghairdín agus cuireadh gairbhéal nua air, chun na príomhbhealaí isteach ar an
taobh thiar-thuaidh a fheabhsú. Cé nár déanadh tagairt do thógáil an ghairdín
sna cartlanna teaghlaigh, seo mar a scríobh cuairteoirí sa 19ú aois faoi:
Thug John Bernard Trotter – a scríobh “Walks in Ireland 1812”
(foilsithe in 1819) – cuairt ar Thinteirn i mí an Mheitheamh 1812 agus d’fhan
sé ann ar feadh míosa beagnach, gan trácht a dhéanamh ar an nGairdín Múrtha.
“We have employed several days in enjoying the
beauties of Tintern and its environs, and experienced much civility from Lady
Colclough”
Meitheamh 27, 1812.
Rinne A. Atkinson an chéad tagairt don Ghairdín
Múrtha in “The Irish Tourist”, a scríobh sé i mí Iúil 1814 (foilsithe in 1815).
“Lady Catherine Colclough had the politeness to
show me a very beautiful
and fruitful Walled Garden, of two or three acres, enclosed by a
handsome brick wall, and abounding with the delicacies of the
season”.
Ba í Catherine Colclough (née Grogan ó Chaisleán
Bhaile Sheáin) máthair Caesar Colclough. Toisc gurb é Caesar an mac ba shine le
Sir Vesey, tháinig sé in oidhreacht ar eastát a athar. Bhí John, deartháir
le Caesar, i bhfeighil ar an eastát go dtí gur mharaigh William Congreve ó
Chaisleán Chaoire (Wilton) é i gcomhrac aonair a bhain le toghchán sa chontae
in 1807. Bhainistigh an t-aibhéardaí Tomas MacCord an t-eastát ansin go dtí gur
fhill Caesar ón bhFrainc in 1814. Scaoileadh Caesar as príosún tar éis éirí as
Napoleon, agus toghadh é mar MP i dTeach na dTeachtaí in 1818.
Bhí J.W. Goff ó Theach
Bhaile an Hóraigh i bhfeighil ar eastát Thinteirn mar ghníomhaire Caesar
Colclough idir 1831-1840. Tá teacht fós ar fháltais do chrainn phéitseog,
neachtairíní agus sílíní a ceannaíodh i bPlandlann Fennessy i bPort Láirge agus
i bPlandlann Miller agus Sweet in Bristol le linn an tréimhse seo. Tá litreacha
idir Caesar agus a ghníomhaire ón uair seo le fáil i Leabharlann Náisiúnta na
hÉireann fós, agus déanadh tagairt do roinnt plandaí atá ag fás sna gairdíní i
dTinteirn an uair sin, idir Geraniums, Carnations agus Daphne.
Tá súil againn go dtabharfaidh tú cuairt ar
an nGairdín Múrtha i mbliana agus go gcruthóidh tú do chuid cuimhní féin.
![]() |
| Fear bréige an ghairdín, ar lá an Tynwald |
Treoracha
Fág an R733 (an bóthar idir Baile Hac agus
Droichead Eoin) ag an gcasadh i dtreo Mhuileann an tSáile, an L4041. Tá an
bealach isteach go Mainistir Thinteirn agus Gairdín Múrtha Colclough 1km ón
gcrosbhóthar seo ar thaobh na láimhe deise (balla cloiche le feánna). Tá an
Gairdín Múrtha suite 300m siar ó dheas ó charrchlós na Mainistreach (7 nóim
siúil). Comharthaí ar gach bóthar isteach. Mapa sa bhróisiúr seo. ~ Sat Nav:
-6.8377833 52.23696 ~
Uaireanta Oscailte
Oscailte Gach Lá: 10 r.n. go 6 i.n. ~ Bealtaine
go Meán Fómhair
10 r.n. go 4 i.n. ~ Deireadh Fómhair - Aibreán
Táille isteach
€3: Duine fásta. €2: Lascaine; Seanóirí, Mic
Léinn, Grúpaí de 10+. Ticéad Bliantúil ar fáil. Faoi bhun 14: saor in aisce.
Iarrtar ar chóistí agus ar ghrúpaí móra glaoch roimhré. Fáilte roimh
mhadraí dea-mhúinte ar iall.
Sonraí Teagmhála
Bainisteoir Tionscadail: Alan Ryan
Príomhgharaíodóir: David Bawden
Gairdín Múrtha Colclough
Mainistir Thinteirn,
Muileann an tSáile
Co. Loch Garman, Éire
t – 083 3064159
i - www.colcloughwalledgarden.com
r - colcloughwalledgarden@gmail.com
facebook - Colclough Walled Garden
twitter - @colcloughgarden
www.hooktourism.com
www.wexfordgardentrail.com
www.experiencenewross.com
www.visitwexford.ie
20.12.12
An Aimsir Fháistineach Fhoirfe Chéasta
Bhain an cartún seo gáire asam.
Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid d'aimsir sa Ghaeilge. Níl sé luaite sa liosta aimsirí anseo ar aon chuma. Conas a déarfá abairt an tsicín sícigh? Is dócha go mbeadh ort athrú iomlán a dhéanamh ar chruth na habairte.
Ar an ábhar seo, is é mo dhea-rún don bhliain úr (an bhfuil sé róluath dóibh go fóillín?) ná an aimsir ghnáthchaite a fhoghlaim i gceart. Ní thagann sé chugam, agus is dócha go dtí seo bhíos róleisciúil gan an ghnáth-aimsir chaite a úsáid ina háit. Ach tar éis dom An Hobad a léamh i mbliana, atá lán di agus an t-údar ag cur síos ar eachtraí na bhfear beag, tuigim cé chomh coitianta is a d'fhéadfadh sé a bheith.

Sliabh ard(ghléine)
Foilsíodh an pictiúr seo inniu ar shuíomh gréasáin The Guardian. 'Séard atá ann ná griangraf 2 bhilliún picteilín de Shliabh Everest, a cruthaíodh as 400 griangraf éagsúla, sníofa le chéile. Is féidir zúmáil isteach ar an ngriangraf agus radharc ardghléine a fháil de Everest, ó bhonn go baitheas, na sléibhte timpeall air, agus pubaill na ndreapadóirí ar bhun an tsléibhe fiú. Is fiú go mór breathnú air.
10.12.12
Polasaí Gaeilge RTÉ
A chara,
Is Gaeilgeoir mise, nach de bhunadh na Gaeltachta mé, atá curtha fúm ag staidéar agus ag múineadh i gCaerdydd na Breataine Bige, agus is le guth an imirceora atá mé ag teagmháil libh inniu. Mar imirceoir a bhfuil suim aige i nuacht, scéalta agus siamsaíocht trí mheán na Gaeilge, braithim go mór ar RTÉ/TG4 chun seirbhísí sa teanga sin a chur ar fáil. Seo thíos mo mholtaí chun na seirbhísí sin a láidriú agus a leathnú...

Ba chóir go mbeadh tuilleadh podchraoltaí Gaeilge le fáil ar rte.ie. Faoi láthair níl ach 7 gclár ó RnaG ar fáil le híoslódáil ar suíomh RTE.ie i gcomparáid le go leor podchraoltaí Béarla ó na stáisiúin eile. Tugann na podchraoltaí Gaeilge deis iontach d'éisteoirí idirnáisiúnta (go háirithe iad siúd atá ar an taobh eile den domhan) coinneáil ar an eolas faoin saol agus faoin teanga sa bhaile.
Ba chóir go mbeadh tuilleadh ábhar Gaeilge le fáil ar an tseirbhís Longwave 252 atá le fáil, mar shampla, ag éisteoirí sa Bhreatain. Seachas an nuacht, ní bhíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rómhinic ar an tseirbhís. Tá go leor den chineál cláracha a bhíonn á chraoladh ar Longwave 252 le fáil thar sáile ó stáisiúin eile (táim ag smaoineamh anseo ar chlár Ronan Collins, mar shampla, a bhíonn ag seinnt gnáth-cheol domhanda). B'fhéidir go mbeadh deis agaibh athrú go foinse ó RnaG uair nó dhó sa lá chun blas Gaelach a thabhairt don chraoladh Longwave.
Tréaslaím libh maidir leis na cláracha Gaeilge a bhíonn le fáil go hidirnáisiúnta ar RTÉ Player, mar shampla an tsraith álainn Ar An Oileán atá le feiceáil ann le déanaí. Bíonn ar an lucht féachana breathnú ar na fotheidil ar chláracha réamhthaifeadtha mar sin. Sílim go gcuirfeadh sé leis an tseirbhís (gan mórán obair bhreise) dá mbeadh an rogha ann leagan gan fotheidil a fheiceáil freisin.
Bíonn go leor daoine timpeall na cruinne ag foghlaim Gaeilge i scoileanna, ollscoileanna agus grúpaí pobail. Mar shampla tá rang beag agamsa anseo i gCaerdydd, agus bainim úsáid as an gcúrsa TEG (www.teg.ie) sa seomra ranga. Faraor, bíonn sé deacair acmhainní a aimsiú atá oiriúnach d'fhoghlaimeoirí. Chuirfeadh sé go mór leis an múineadh dá mbeadh sraitheanna Gaeilge le fáil ar bhonn níos fad-téarmaí ar an suíomh rte.ie, go háirithe sean-sraitheanna d'fhoghlaimeoirí - Turas Teanga mar shampla. Léireodh rud mar sin tiomantas RTÉ maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, ní hamháin in Éirinn ach go ginearálta. Féach, mar shampla, ar shuíomh idirlíne an BBC agus feicfidh tú cé chomh díograiseach is atá siad ansin maidir leis an mBreatnais a chur chun cinn. http://www.bbc.co.uk/wales/learning/learnwelsh/
Tá pobal láidir Twitter ag feidhmiú go hidirghníomhach as Gaeilge (féach ar www.indigenoustweets.com chun liosta de na cuntais is gníomhaí a fheiscint). Faraor, tá fíor-bheagán cuntas Gaeilge á scríobh ag RTÉ i gcomparáid leis an mBéarla. Mar shampla, ní bhíonn scéalta nuachta á túíteáil as Gaeilge ach go fíor-annamh. Dar liomsa, chuirfeadh cuntais Ghaeilge RTÉ go mór leis an Túítisféar Gaeilge agus thabharfadh sé ábhair chainte dos na húsáideoirí eile Twitter a bhíonn i dteagmháil lena chéile as Gaeilge.
Tá súil agam go nglacfaidh sibh leis na moltaí seo thuas, agus guím gach rath oraibh agus sibh i mbun polasaithe nua Gaeilge a chur chun cinn.
5.12.12
Landáilte
Cúis an bhogtha mhóir... tá post nua faighte agam in OÉ Gaillimh mar Oifigeach Cumarsáide Inmheánaí. Ag tosnú maidin amárach agus ag súil go mór leis an obair agus an dúshlán romham. Baineann go leor dualgas leis an bpost seo, soláthar cumarsáid dhátheangach san ollscoil san áireamh, agus beidh an méid a d'fhoghlaim mé in Ollscoil Chaerdydd an-úsáideach go deo agus mé ag cur le polasaithe cumarsáide na hollscoile.
Nílim cinnte go fóillín céard a dhéanfaidh mé leis an mblag seo... is léir nach féidir liom 'gael i gcuan Chaerdydd' a ghlaoch orm féin níos mó! B'fhéidir go bhfuil sé in am agam deireadh a chur leis an tréimhse blagála seo agus ré úrnua a thosnú ar bhlag eile. Idir an dá linn, beidh sé ciúin go leor anseo a chairde. Ach ná bígí buartha, beidh mé ag coinneáil súil ghéar ar bhur mblaganna féin amach anseo.
23.11.12
An Lá a Thit an Droichead...
Tá neamhaird tugtha don droichead leis na blianta anuas, tá an méid sin soiléir. Breathnaigh ar an eidhneán atá ag fás go tiubh air, tá fadhbanna le fada an lá le pumpa uisce briste i lár an droichid, agus tá na tacaí ar dhá thaobh an áirse creimthe go dona. Ach baineann an damáiste a tharla inné le hobair a déanadh ar bhóthar an droichid mí ó shin agus an chaoi ina bhfágadh é. Cuireadh píopaí nua uisce isteach faoin bhféar taobh istigh den bhalla thíos, agus fágadh an talamh lag agus gan chosaint ina ndiaidh. D'éirigh an talamh trom agus bog i ndiaidh na báistí agus thit an balla. Bhí 'oifigeach caomhnaithe' ar an suíomh inné. Róbheag, ródhéanach, ar ndóigh.
Ní haon iontas go bhfuil muintir an tsráidbhaile trína chéile faoi seo, agus feargach mar gheall air. Droichead atá ag nascadh an dá pharóiste le beagnach 200 bliain (195 bliain le bheith cruinn) ag titim as a chéile. Táthar ag caint anois faoin droichead a dhúnadh ar feadh tréimhse. Sa chás sin, ní bheadh John bocht in ann dul go dtí an teach tábhairne áitiúil 500 slat thar an droichead um Nollag.
![]() |
| Ag leagan cuid den bhalla ar an taobh eile, creid é nó ná creid, chun an t-uisce breise a scaoileadh uaidh. |
![]() |
| Obair chonraitheoirí an chomhairle mí ó shin lena bpíopaí nua uisce. |
22.11.12
"Tithe Tairne"
Radharc ón Tuaisceart
![]() |
| Caisleán Chonwy agus príomhshráid an tseanbhaile |
![]() |
| Baile beag Beddgelert |
![]() |
| Thuas ar thúr an chaisléain |
![]() |
| Yr Wyddfa, nó Snowdon |
![]() |
| Sléibhte scláta Snowdonia |
![]() |
| Marwdy (marbh + tigh = marbhlann) an mhianaigh sclátaí |
21.11.12
Gaeilge san IT
Tá a fhios agam go mbíonn difríochtaí idir an leagan Éireannach agus idirnáisiúnta, ach cheapas go mbeadh an leathanach Gaeilge ann, toisc nach mbíonn sé dírithe ar an nuacht is déanaí agus, mar sin, go mbíonn sé ullmhaithe i bhfad roimh an sprioc.
Tuairimí ag éinne?
19.11.12
Ar an mbealach siar
Westering Home
Bernard O'Donoghue
Though you'd be pressed to say exactly where
It first sets in, driving west through Wales
Things start to feel like Ireland. It can't be
The chapels with their clear grey windows,
It first sets in, driving west through Wales
Things start to feel like Ireland. It can't be
The chapels with their clear grey windows,
Or the buzzards menacing the scooped valleys.
In April, have the blurred blackthorn hedges
Something to do with it? Or possibly
The motorway, which seems to lose its nerve
Mile by mile. The houses, up to a point,
In April, have the blurred blackthorn hedges
Something to do with it? Or possibly
The motorway, which seems to lose its nerve
Mile by mile. The houses, up to a point,
With the masoned gables, each upper window
A raised eyebrow. More, though, than all of this,
It's the architecture of the spirit;
The old thin ache you thought that you'd forgotten-
A raised eyebrow. More, though, than all of this,
It's the architecture of the spirit;
The old thin ache you thought that you'd forgotten-
More smoke, admittedly than flame;
Less tears than rain. And the whole business
Neither here nor there, and therefore home.
Less tears than rain. And the whole business
Neither here nor there, and therefore home.
From Neither Here nor There (London: Chatto and Windus, 1999)
With the kind permission of Bernard O'Donoghue.
12.11.12
Éabhlóid na Déabhlóide
Ar ndóigh, is céim mhór chun tosaigh é seo don rialtas áitiúil agus do chearta teanga mhuintir na Breataine Bige, a votáil ar son na gcumhachtaí nua i reifreann i mbliana. Ní raibh mórán sna meáin anseo faoi, áfach. Rud a léiríonn, b'fhéidir, cé chomh nádúrtha is atá an déabhlóid anois i reachtáil na Ríochta Aontaithe.
Talamh faoi Uisce
An Veinéis bhocht bháite. Bhí Seod an Aidriadaigh faoi uisce an tseachtain seo chaite le teacht lán mara an fhómhair. Mar is eol do chách, tá an chathair ag ísliú i gcónaí agus bíonn tuilte i bhfad níos coitianta ann ná mar a bhí riamh. Bhí cnuasach grianghrafanna sa Guardian le déanaí a chuir iontas orm - ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir na sráideanna agus na canálacha.
Níor chuir an t-uisce breise isteach ar na turasóirí thíos, áfach.
Subscribe to:
Posts (Atom)