An bhfaca tú aon áit chomh gruama gránna riamh? 'Sé an t-aon fhoirgneamh a bheadh níos deise dá gcrochfaí clár mór fógraí air. Is é Club Coimeádach atá ann, a bunaíodh chun iar-oibrithe na nduganna a mhealladh chuig an Phairtí Coimeádach. Bunaíodh go leor clubanna mar seo thar timpeall na Ríochta Aontaithe agus, de réir mar a thuigimse, tá Club (conspóideach) Coimeádach fós i mBÁC. Is cuimhin liom daoine ag gearán faoi ar Joe Duffy, toisc gur gá fós bheith i do Phrotastúnach sula ligtear duit bheith i do bhall. Ar a laghad, tá an club Bleá Cliathach lonnaithe i sean-fhoirgneamh deas i ndeisceart na cathrach.
Ar ais chuig mo chlub féin. Ní amháin go milleann sé ár sráid, Burt Street, ach tá sé chomh gránna ar an taobh eile chomh maith. Sin í fuinneog mo sheomra thar an doras dearg.
Radharc eile anseo don dá thaobh. Is dócha gur Flatiron Building Caerdydd atá ann!
Chun deireadh a chur leis an mír seo, agus leis an gclamhsán, seo daoibh radharc eile ó chúl an tí. Ahhhh, tá fáilte mhór roimh na bláthanna sin arís. B'fhearr dom stop a chur leis an mblagadóireacht, agus tús a chur leis an ngarraíodóireacht!








