20.6.11

In ómós do Rory McIlroy...

 


Nuair a bhí gruaig fhada agam, dúradh liom go raibh cuma Rory McIlroy orm.

Bhuel níor cheapas ansin go bhféadfainn airgead a thuilleamh as!

Anois nuair is ceann de phríomh-réalta an spóirt é, an ndóigh libh go mbeadh éileamh ar look-alikey?!

Ní ghearrfaidh mé mo ghruaig arís go deo...

17.6.11

Ó Cheanada...

Chaith mé ceithre mhí i gCeanada fadó, fadó, ag obair i dToronto ar feadh samhraidh - ar oileáin na cathrach le bheith cruinn. Agus thaitin an tír liom. Bhí sé glan, dea-mhúinte, fulangach. B'fhéidir róghlan, rómhúinte, rófhulangach uaireanta. 

So, chuir an t-alt seo iontas orm ar maidin. Círéibeanna i gCeanada? Sa chathair is fearr ar domhan le cónaí? Agus ba faoin haca a bhí an t-achrann? Dochreidte...

Cathair liteartha Vancouver

Cathair ilchultúrtha Vancouver

Cathair turasóireachta Vancouver

Cathair spóirtiúil Vancouver

Cathair rómánsúil Vancouver

Táimid bancbhriste, dífhostaithe, in ísle brí in Éirinn. Agus ní féidir linn ach ubh a chaitheamh.



Buíochas arís le broadsheet.ie, m'fhoinse is mó, ahem, nuachta le gairid.

15.6.11

An t-ainm comhlachta is measa riamh

Tá oifig dlíodóirí suite ar phríomhshráid Chaerdydd darbh ainm: Loosemores.

Ní hamháin go gcailleann siad níos minicí ná na dlíodóirí eile sa chathair: Lose + more...

...ach is cosúil nach bhfuil cód morálta róláidir acu ach oiread:  Loose + mores.

Hmmmm..., comhlacht, a theipeann orthu go minic, le cód morálta lag scaoilte... ba chóir dóibh banc a oscailt in Éirinn.

9.6.11

Cónaí le cailíní

Tá an cailín thuas staighre ag gol, gan sos, le trí lá anuas de bharr troda idir í féin agus a buachaill. Cloisim í, tríd an tsíleáil, ar an nguthán lena máthair ag tabhairt amach faoi, idir chaointe, go déanach san oíche.

Briseadh an maisín níocháin ar an deireadh seachtaine, agus dúirt an t-innealtóir inniu go bhfuair sé fáiscín cíochbhirt sáinnithe sa mhótar.

M'anam ach caithfidh mé batchelor pad a aimsiú i ndiaidh an tsamhraidh.

7.6.11

Taoiseach ar a thriail

Mar a dúirt mé cheana, is iomaí difríocht idir C agus R.

An scéal is déanaí ón Íoslainn...
...cúisíodh iar-Phríomh Aire na tíre, Geir Haarde, dá pháirt i ngéarchéim eacnamaíochta na tíre, dá easpa gníomhaíochta in aghaidh titim na mbancanna agus dá easpa ceannaireachta ina dhiaidh. Táthar ag rá go bhféadfadh sé dul go priosún ar feadh dhá bhliain dá bharr.

Geir Haarde - Bertie na Réicivíce?
Dála an scéal, cuireadh triúir aire rialtais tús leis an bpróiséas an tUasal Haarde a chúiseamh. Agus dar leis na 15 breitheamh san Ardchúirt, b'éigean dóibh leanúint leis an dtriail.

An bhfuil próiséas leagtha amach i mBunreacht na hÉireann lena leithéid d'fhaillí i ndualgas a chúiseamh?

6.6.11

Bheinn sásta bheith i m'iasc...

Ar iarr éinne ort riamh: "dá mbeifeá i d'ainmhí, cén saghas ainmhithe a roghnófá?"

Cheapas riamh gur mhaith liom bheith i m'iolar, nó aon éan mhór (bhuel, seachas an ostrais) - go mbeinn ábalta eitilt go hard sa spéir, go saor, agus breathnú anuas ar gach rud, gan a bheith sáinní ar an dtalamh nó sa bhfarraige.

Ach táim idir dhá chomhairle ar maidin, th'éis an físeán gleoite seo a fheiscint ar broadsheet.ie. Físeán don saol rúnda ildaite atá fo thuinn na hÉireann.



Bheinn breá sásta bheith i m'iasc anois! A leithéid de shaoirse. In áit na heitilte, bheadh foraisí fheamainne mar bhac-cúrsa agam.

4.6.11

Ní maith liom cruicéad...

...is breá liom é.


Chonaic mé mo chéad chluiche cruicéid riamh anocht sa Staid SWALEC anseo i gCaerdydd, le Glamorgan i gcoinne na Middlesex Panthers. M'anam, ach bhaineas an-sult as, rud nach rabhas ag súil leis, bíodh a fhios agaibh. £5 ar ticéad (do mhic léinn), beoir le fáil gan scuaine ar bith (an-tábhachtach, ar ndóigh), tráthnóna breá grianmhar amuigh faoin aer, lucht féachana gléasta mar Elvis, agus popcheol á sheinnt sa staid gach uair a bhfuair siad 4 nó 6 pointe. Beidh mé ar ais arís.

'Éireannach' eile sa 'siamsaíocht' leath-ama
Ba é an chéad chluiche Twenty20 sa bhliain - agus cluiche conspóideach a bhí ann. I ndiaidh dóibh 199 a bhaint amach sa chéad leath, bhí Glamorgan ag babhláil nuair a bhris na soilse! Bhí an áit dubh dorcha ar feadh beagnach uair a chloig agus na himreoirí, an réiteoir agus na hoifigigh ar fad ag siúl timpeall, agus an lucht féachana ag canadh i gcónaí! Faoi dheireadh thiar thall, lasadh na soilse arís agus faoi cheann ceathrú uair a chloig chuir babhlaer Glamorgan deireadh leis an gcluiche agus imreoirí Middlesex ar fad curtha amach aige. Rud nach dtarlaíonn rómhinic sa Twenty20.

(Caithim a admháil go rabhas ag breathnú ar deireadh an chluiche ó phub in aice na staide - Y Mochyn Du / An Mhuc Dhubh - ach seo daoibh pictiúr dos na soilse mícháiliúla sin, agus iad ar ais ag obair).



Morgannwg abú!