Is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh NUIM. Is féidir go leor seirbhísí eile - ospidéil, aerphortanna, fiaclóirí, srl. - a sheiceáil ann freisin.
Seo ceann eile daoibh a léiríonn na seirbhísí T&E (A&E) sa tír (seirbhísí lán agus páirteacha san áireamh). Arís, tá difríocht mhór le feiceáil idir Poblacht agus Tuaisceart na hÉireann.
Agus seo thíos an léarscáil chéanna leis na seirbhísí lán amháin. Léiríonn na paistí móra gorma i Ros Comáin, an Clár agus iarthar Chorcaí/deisceart Chiarraí an tionchar atá ag polasaithe an rialtais seo maidir le seirbhísí éigeandála a ghearradh siar sna hospidéil bheaga. Tá ná ceantracha dúghorma 60-90 nóim ón ospidéal éigeandála 'áitiúil'.
AGUISÍN...
Luaidh Néidí sna tráchtanna thíos go raibh easpa seirbhísí dóiteáin in iar-dheisceart Chorcaigh go dtí gur cuireadh seirbhís áitiúil ar siúl. Seo thíos mapa den réigiún sin - tá an Scoil suite sa phaiste beag dearg gar do Charn Uí Néid (Mizen Head) agus tá tionchar na seirbhíse sin le feiceáil ar an gceantar máguaird. Léiríonn sé cé chomh tábhachtach is atá seirbhísí áitiúla mar sin i gceantracha iarghúlta.

















