12.11.12

Éabhlóid na Déabhlóide

Seans maith nár léigh sibh an scéal seo, ach cuireadh an chéad dlí a bhí cumtha go hiomlán sa Bhreatain Bheag i bhfeidhm inniu. Tá cumhachtaí nua faighte ag an Senedd anseo i gcuan Chaerdydd - atá anois in ann, don chéad uair riamh, a ndlithe féin a chumadh i roinnt réimsí polaitíochta. Baineann an dlí nua leis an teanga - agus ó inniu ar aghaidh beidh comh-stádas ag an mBreatnais agus an Béarla sa tionól anseo (rud a bhí i bhfeidhm cheana féin ar bhonn neamhoifigiúil).

Ar ndóigh, is céim mhór chun tosaigh é seo don rialtas áitiúil agus do chearta teanga mhuintir na Breataine Bige, a votáil ar son na gcumhachtaí nua i reifreann i mbliana. Ní raibh mórán sna meáin anseo faoi, áfach. Rud a léiríonn, b'fhéidir, cé chomh nádúrtha is atá an déabhlóid anois i reachtáil na Ríochta Aontaithe.


Talamh faoi Uisce

An Veinéis bhocht bháite. Bhí Seod an Aidriadaigh faoi uisce an tseachtain seo chaite le teacht lán mara an fhómhair. Mar is eol do chách, tá an chathair ag ísliú i gcónaí agus bíonn tuilte i bhfad níos coitianta ann ná mar a bhí riamh. Bhí cnuasach grianghrafanna sa Guardian le déanaí a chuir iontas orm - ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir na sráideanna agus na canálacha.


Níor chuir an t-uisce breise isteach ar na turasóirí thíos, áfach.


7.11.12

Gan chead, gan chuireadh...

...gan chrann.

An cuimhin libh an crann piorra álainn a bhí ar chúl mo thí? Bhuel, gan rabhadh ar bith, leagadh é - agus an balla taobh thiar dó - an tseachtain seo chaite... :(

Roimh an scriosta...

...agus ina dhiaidh.
Ar son na 'forbartha' a déanadh an díobháil, bíodh a fhios agaibh. Tá foireann tógála ag obair anois ar an mbearna idir cúl an tí agus an chaolsráid taobh thiar dúinn a líonadh leis na 'tithe' is caoile cúinge sprionlaithe dá bheicfeá riamh. Anois, ní NIMBY mé - ach tá siad chun 'teach' a fháisceadh isteach sa bhearna idir stumpa an chrainn bhoicht agus an cement mixer sin taobh thiar dó?! In ainm Dé, cé a mhairfeadh ansin? Agus, pé scéal é, ní raibh gá leis an gcrann a leagadh ar chor ar bith, ach ar mhaithe leis an simplíocht agus an leisciúileacht a déanadh é.

Buíochas le Dia, ní bheidh mé ag breathnú amach orthu i bhfad amach anseo, ach tuilleadh faoi sin am éigin eile...

5.11.12

Ceol traidisiúnta?

Chonaic mé an físeán thíos ar fhóram ceoil thesession.org le déanaí faoin dteideal "The future?" 'Séard atá ann ná fear óg ag seinnt port Éireannach ar uirlis ceoil 'nua' - an druma Hang a cumadh ag Felix Rohner and Sabina Schärer ón ngrúpa PANArt san Eilvéis sa bhliain 2000.

Anois, is traidisiúnaí ceart mise chomh fada is a bhaineann sé leis an gceol traidisiúnta. Seinnim an fheadóg mhór agus claím leis na sean-phortanna, ríleanna, cornphíopaí agus polcaí. Agus ní thaitníonn an iomarca nuálaíochta liom. Dar liomsa, ní oibríonn cuid mhaith den 'fusion' a chloistear sa lá atá inniu ann. Cailltear an 'rithim' go rómhinic ann. 

So, chuir an físeán seo iontas orm. Tá sé ar fheabhas ar fad. Tá an rithim go láidir ann - táim cinnte go mbeadh rinceoirí seit timpeall na tíre breá sásta leis. Agus tá an ceol chomh deas geal binn uaidh. Faraor, tá liosta feithimh fada ag na déantóirí. Ní dhíoltar an Hang d'aon duine, bíodh a fhios agaibh. De réir suíomh gréasáin amháin: 

PANArt do not operate a waiting list in the standard sense, but instead offer their creations as, and when available, to those with which they feel a certain 'resonance'. 

Sin an fáth go gcosnaíonn siad idir $7,000-8,000 ar an meán ar ebay! 




3.11.12

Tuilleadh Gaeilge san IT

Luaitear san Irish Times inniu go mbeidh dearadh nua ar an nuachtán amach anseo, ag tosnú Dé Luain seo. Beidh an nuachtán níos caoile (órlach níos caoile de réir dealraimh), athrófar na míreanna beaga nuachta a bhíonn le feiceáil ar chlé anois go dtí bun an phríomhleathanaigh, agus beidh tuilleadh nuachta ón domhan mór le fáil ag tús an nuachtáin. 

Ach an rud is spéisiúla faoin athrú seo, dúinne a bhíonn ag plé scéalta agus nuachta as Gaeilge, ná go mbeidh leathanach iomlán Gaeilge san IT gach Céadaoin as seo amach. Seo mar a chuirtear síos air sa pháipéar inniu:

Irish language coverage is being expanded, with more news, interviews and features written by our correspondents, and featuring in its own standalone page on Wednesdays.

Fianaise go bhfuil an t-éileamh ar scríbhneoireacht Gaeilge ag fás? Nó iarracht shiniciúil  dul san iomaíocht le Foinse - a bhíonn le fáil, Dé Céadaoin freisin, leis an Irish Independent

2.11.12

Túslitir mhaith, leath na hoibre

D aoibhse a bhíonn ag iarraidh snas deas a chur ar bhur mblaganna, d'aimsigh mé an suíomh Daily Drop Cap le déanaí a chuireann túslitreacha ildaite ar fáil do bhlagadóirí saor in aisce. Tá siad cumtha ag bean darbh ainm Jessica Hische atá ina dearthóir gréasáin. Cuireann sí ceann nua ar fáil ar an suíomh go rialta, agus ag deireadh an togra beidh dhá leagan déag de gach litir le fáil ann, dar le Jessica. Mar sin bígí ag amharc 's ag goid ó shuíomh Jessica. Ní gá ach an cód a chaitheamh isteach sa leagan HTML de do mhír agus an t-íomhá a chur ar chlé (sa chóras Blogger).

C uirtear boscaí beaga (nó frámaí) timpeall íomhánna ar roinnt blaganna. Daoibhse (cosúil liomsa) atá ag baint úsáid as Blogger.com, beidh oraibh athrú beag a dhéanamh do dhearadh do bhlag chun na boscaí sin a bhaint uathu. Caith súil ar an suíomh seo, agus lean na treoracha ann (nod libh, tá an "comhéadan nua" á úsáid agamsa). DAS, cheapas go dtaitneodh an C seo ar chlé le cuid agaibh.

Beo ón Oireachtas

Má tá fonn oraibh éisteacht agus féachaint go beo ar chraoladh an chláir RnaG Rónán Beo inniu ón Oireachtas, ní gá ach dul chuig an suíomh seo, anois: http://www.rte.ie/radio/oireachtas/

Beidh an clár ar siúl Dé hAoine 3-5 i.n.

Léiríonn an clár seo cé chomh héasca is a bheadh sé cláracha beo RnaG a chur ar aer ar TG4 i rith an lae in áit na scannán agus drámaí Béarla a bhíonn ar siúl i rith an lae.