28.5.10

Crann Cnó Capaill


Ní fhaca mé riamh, 
Níor chuala mé trácht
Ar rud chomh deas
Le crann faoi bhláth.

26.5.10

An nuacht is fearr

Dhá scéal sa nuacht inniu a chuireann gliondar ar mo chroí.

Guinness go maith dod' shláinte...

http://news.bbc.co.uk/1/hi/health/3266819.stm

...agus tá saol na tuaithe go maith duit chomh maith.

http://www.guardian.co.uk/uk/2010/may/25/rural-idyll-boots-life-expectancy

Ba chóir dom filleadh ar Éireann go luath. (Níl Guinness deas le fáil anseo in aon áit!)

25.5.10

Trácht ag an trá

Bhí an chéad snámh agam sa bhfarraige i mbliana ar an Domhnach, in áit bheag darbh ainm Ogmore-by-Sea. Bhí sé nimhneach fuar, agus go haoibhinn ar fad!

Rud a chuireann isteach orm sa tír seo, áfach, ná na táillí ag ionaid pairceála na tránna. Bíonn gá i gcónaí ticéad a cheannach, ar chostas £2-£4. Just chun dul ag snámh.


Thug mé faoi deara go raibh abairt ar an bhfógra pairceála a bhí an-chosúil leis an nGaeilge. 

Ni chodir tâl ar bobl anabl...

Ní chuirtear táille ar an bpobal míchumasach...

Tá an Ghaeilge agus an Bhreatnais AN-difriúl, ach uaireanta bíonn an nasc eatarthu chomh soiléir.

20.5.10

An caifé is fearr sa Bhreatain

Nílim ag magadh faoi. Bhuaigh Waterloo Tearooms duais anuraidh don Chaifé Neamhspleách is Fearr sa Bhreatain 2009. http://www.waterlootea.com/

Bhí mé ann inniu. Tá os cionn 50 cineál tae le fáil ann (níl 'builder's tea' ina measc, áfach, a Dennis).

Bhí 't' le fáil sa leithreas, fiú, dom' chóta a chrochadh. Nach deas é?



Focal nua don Fhótafoclóir inniu...

Prif = Príomh




18.5.10

Fótafoclóir Gaeilge-Breatnais

Right. Táim chun tús oifigiúl a chur leis an gcéad Fhótafoclóir Gaeilge-Breatnais anseo. Le cúnamh Dé, beidh an leabhar sna siopaí i gcomhair na Nollag!


Siopau = Siopaí
(Tollau = Tollaí)


Drws = Doras
Tân = Tine

Eglwys = Eaglais

Pwll mawr = Poll mór

14.5.10

Deireadh an téarma

Bhí mo rang deireanach Gaeilge agam inniu. Ochtar (thosaigh mé le dáréag) mac léinn ullmhaithe don scrúdú scríofa ar an Luan - bhuel, ba chóir go mbeadh siad ullamh. Tá an scrúdú béil déanta acu cheana féin, agus d'éirigh go maith leo. Táim buartha faoin litriúchán sa scrúdú scríofa, áfach - chuireas an béim ar an gcaint sa rang cé nach fiú ach 20% don mharc iomlán í - ach i mo thuairim 'sí an chaint is tábhachtaí.

Bhaineas an-sult as an múinteoireacht. Rang bríomhar spraoiúil a bhí iontu. Agus d'fhoghlaim mé go leor uathu freisin.

13.5.10

Loch Garman-shire

Déanadh cur síos ar na gairdíní is fearr sa Ríocht Aontaithe inniu sa Ghuardian.

Agus féach ar uimhir a 8!



Níl Lydia bhocht róshásta faoi.




Ok, so, like, nílimid sa Ríocht Aontaithe agus, like, ba chóir go mbeadh nuachtán náisiúnta níos cúramaí, ach leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus luaithreamhán bolcánach fós ag titim anuas ón spéir nach deas é scéal dearfach turasóireachta a fheiceáil!

Oh, agus táim níos gaire le Loch Garman anseo i gCardiff ná cuid mhaith eile na Breataine, níos gaire ná tuaisceart oileán Anglesey i dtuaisceart na Breataine Bige fiú.