23.11.12

An Lá a Thit an Droichead...


Tá sé curtha ar an mblag seo cheana féin anseo agus anseo - an droichead breá ársa sa bhaile a théann idir mo theach agus an sráidbhaile áitiúil. Ach is oth liom a rá gur thit cuid (mhór) de bhalla an droichid isteach sa bhfarraige inné tar éis duartan báistí agus gaoithe láidre. Agus deirtear go bhfuil cuid eile dó fós i mbaol titim. Faoi mar a bhfeicfidh sibh thíos tá an comhairle chontae ag obair ar an mballa a shábháil anois. Faraor, is cosúil go bhfuil an milleán ar an gcomhairle céanna agus a gconraitheoirí.
Tá neamhaird tugtha don droichead leis na blianta anuas, tá an méid sin soiléir. Breathnaigh ar an eidhneán atá ag fás go tiubh air, tá fadhbanna le fada an lá le pumpa uisce briste i lár an droichid, agus tá na tacaí ar dhá thaobh an áirse creimthe go dona. Ach baineann an damáiste a tharla inné le hobair a déanadh ar bhóthar an droichid mí ó shin agus an chaoi ina bhfágadh é. Cuireadh píopaí nua uisce isteach faoin bhféar taobh istigh den bhalla thíos, agus fágadh an talamh lag agus gan chosaint ina ndiaidh. D'éirigh an talamh trom agus bog i ndiaidh na báistí agus thit an balla. Bhí 'oifigeach caomhnaithe' ar an suíomh inné. Róbheag, ródhéanach, ar ndóigh.
Ní haon iontas go bhfuil muintir an tsráidbhaile trína chéile faoi seo, agus feargach mar gheall air. Droichead atá ag nascadh an dá pharóiste le beagnach 200 bliain (195 bliain le bheith cruinn) ag titim as a chéile. Táthar ag caint anois faoin droichead a dhúnadh ar feadh tréimhse. Sa chás sin, ní bheadh John bocht in ann dul go dtí an teach tábhairne áitiúil 500 slat thar an droichead um Nollag.


Ag leagan cuid den bhalla ar an taobh eile, creid é nó ná creid,
 chun an t-uisce breise a scaoileadh uaidh.


Obair chonraitheoirí an chomhairle mí ó shin lena bpíopaí nua uisce.


22.11.12

"Tithe Tairne"

Is fiú go mór an bailiúchán grianghrafanna seo ó The Guardian a fheiceáil agus a léamh. 'Séard atá ann ná na "tithe tábhairne tairne" atá le fáil sa tSín, sna cathracha sin ina bhfuil forbairt mhór thapaidh ag tarlú. Glaoitear "teach tairne" ar na tithe sin a mhaireann - mar gheall ar agóidí a n-úinéirí - nuair a leagtar gach aon fhoirgneamh eile timpeall orthu. Tithe tairne toisc go ngobann siad amach ar nós tairní nach féidir a chur faoin gcasúr. Ar ndóigh, is bailte iad fós do na daoine crógacha/cantalacha a throideann in aghaidh na forbartha.


Radharc ón Tuaisceart

Chaith mé trí lá i dtuaisceart na Breataine Bige le déanaí, ar thuras álainn timpeall an cheantair a bhfuil an oiread sin cloiste agam faoi. Ar an mbealach ó thuaidh Dé hAoine thit an ceo go tiubh anuas orainn agus muid ag trasnú an M4 - an mótarbhealach a théann timpeall Caerdydd agus a chuireann teorann teoiriciúil ar an gcathair - agus ní rabhas in ann mórán den tírdhreach a fheiscint. Ach lé héirí gréine maidin Dé Sathairn nochtadh na sléibhte, portaigh agus lochanna dúinn, maisithe go geal i ndathanna an fhómhair.

Caisleán Chonwy agus príomhshráid an tseanbhaile
Is ceann scríbe den scoth é don té a bhfuil dúil acu sa stair, sa nádúr, sa dreapadóireacht, agus sa chultúr Ceilteach (cloistear an Bhreatnais i ngach áit idir óg is aosta). Tá caisleán ard bagrach i ngach baile - ní fhéadfá caisleán agus ballaí Chonwy a shárú mar shuíomh turasóireachta, cé go ndeireann mo chairde Breatnacha liom gur siombal de cheannsmacht Shasana é. Ar an ábhar sin, thugas cuairt ar an sráidbhaile beag Frongoch, a raibh dhá príosúin ann do chimí Éireannacha le linn Éirí Amach na Cásca. Níl mórán ann sa lá atá inniu ann - leagadh na sean-phríosúin - ach tá leacht cuimhneacháin le feiceáil ar thaobh an bhóthair ag déanamh tagairt dá scéal. Deirtear go raibh mo shin-seanathair i ngéibheann ansin, agus cheannaigh mé leabhar faoin áit sa siopa áitiúil chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh air.

Baile beag Beddgelert
Ní chloistear mórán faoin mBreatain Bheag mar cheann scríbe saoire - seachas, b'fhéidir, i gcomhair chluiche rugbaí - agus is mór an trua é. Má tá fonn oraibh dul ann, tá dhá nod agam daoibh maidir leis an mbia: caifé BaaMooOinc i mBeaumaris ar Ynys Mon/Anglesey agus Lyn's Café i mBeddgelert. Foirfe i ndiaidh lá fada spaisteoireachta!

Thuas ar thúr an chaisléain

Yr Wyddfa, nó Snowdon

Sléibhte scláta Snowdonia

Marwdy (marbh + tigh = marbhlann) an mhianaigh sclátaí

21.11.12

Gaeilge san IT

Ceist agam oraibh a chairde... ar cheannaigh éinne daoibh an Irish Times inniu (Dé Céadaoin)? An raibh leathanach Gaeilge ann? Faoi mar a scríobh mé coicís ó shin, déanadh athdhearadh ar an nuachtán le déanaí agus gealladh dúinn go mbeadh tuilleadh Gaeilge ann as seo amach, ar leathanach ar leith in eagrán na Céadaoine. Ach níl sé le feiceáil sa chóip 'idirnáisiúnta' a cheannaigh mé ar maidin. Tá 18 leathanach sa phríomh-nuachtán atá agamsa, agus 18 leathanach eile sa fo-nuachtán breise Business+Property/Sports ach gan fiú is alt Gaeilge orthu.

Tá a fhios agam go mbíonn difríochtaí idir an leagan Éireannach agus idirnáisiúnta, ach cheapas go mbeadh an leathanach Gaeilge ann, toisc nach mbíonn sé dírithe ar an nuacht is déanaí agus, mar sin, go mbíonn sé ullmhaithe i bhfad roimh an sprioc.

Tuairimí ag éinne?


19.11.12

Ar an mbealach siar

Beidh mé ag bogadh siar abhaile i gceann seachtaine, agus ag fágáil Caerdydd tar éis dom dhá bhliain go leith a chaitheamh ann. Tuilleadh faoi sin le teacht. Ach idir an dá linn, tharraing cara liom m'aird anocht ar an dán seo thíos le Bernard O'Donoghue - dán faoina smaointe féin agus é ag tiomáint tríd an Bhreatain Bheag agus ag filleadh i dtreo na hÉireann. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm anocht agus mé ag ullmhú don turas siar. Go háirithe agus mé tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh i dtuaisceart na tíre seo - ceantar atá ceithre huaire go leith ach na mílte míle ón bpríomhchathair - áit dhiamhair fhiáin - ar an imeall ach lárnach, dar liomsa, idir Éire agus an Albain.


Westering Home

Bernard O'Donoghue

Though you'd be pressed to say exactly where
 It first sets in, driving west through Wales
 Things start to feel like Ireland. It can't be
 The chapels with their clear grey windows,
Or the buzzards menacing the scooped valleys.
 In April, have the blurred blackthorn hedges
 Something to do with it? Or possibly
 The motorway, which seems to lose its nerve
 Mile by mile. The houses, up to a point,
With the masoned gables, each upper window
 A raised eyebrow. More, though, than all of this,
 It's the architecture of the spirit;
 The old thin ache you thought that you'd forgotten-
More smoke, admittedly than flame;
 Less tears than rain. And the whole business
 Neither here nor there, and therefore home.
From Neither Here nor There (London: Chatto and Windus, 1999)
With the kind permission of Bernard O'Donoghue.

12.11.12

Éabhlóid na Déabhlóide

Seans maith nár léigh sibh an scéal seo, ach cuireadh an chéad dlí a bhí cumtha go hiomlán sa Bhreatain Bheag i bhfeidhm inniu. Tá cumhachtaí nua faighte ag an Senedd anseo i gcuan Chaerdydd - atá anois in ann, don chéad uair riamh, a ndlithe féin a chumadh i roinnt réimsí polaitíochta. Baineann an dlí nua leis an teanga - agus ó inniu ar aghaidh beidh comh-stádas ag an mBreatnais agus an Béarla sa tionól anseo (rud a bhí i bhfeidhm cheana féin ar bhonn neamhoifigiúil).

Ar ndóigh, is céim mhór chun tosaigh é seo don rialtas áitiúil agus do chearta teanga mhuintir na Breataine Bige, a votáil ar son na gcumhachtaí nua i reifreann i mbliana. Ní raibh mórán sna meáin anseo faoi, áfach. Rud a léiríonn, b'fhéidir, cé chomh nádúrtha is atá an déabhlóid anois i reachtáil na Ríochta Aontaithe.


Talamh faoi Uisce

An Veinéis bhocht bháite. Bhí Seod an Aidriadaigh faoi uisce an tseachtain seo chaite le teacht lán mara an fhómhair. Mar is eol do chách, tá an chathair ag ísliú i gcónaí agus bíonn tuilte i bhfad níos coitianta ann ná mar a bhí riamh. Bhí cnuasach grianghrafanna sa Guardian le déanaí a chuir iontas orm - ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir na sráideanna agus na canálacha.


Níor chuir an t-uisce breise isteach ar na turasóirí thíos, áfach.