23.4.10

Toghchán? Cén toghchán?

Cé go bhfuil go leor leor scríofa sna nuachtáin faoi agus na milliúin ag breathnú ar dhíospóireachtaí na gceannairí ar an teilifís, níl mórán fianaise ar shráideanna Chardiff go mbeidh toghchán ann i gceann coicíse. Níl fógra ar bith crochta suas ná litreacha tríd an doras. Níor tháinig duine ar bith chugainn ag iarradh ár vótaí a mhealladh. Sin ráite, deirtear gurb é seo an toghchán is fuinniúla le glúin. (Agus caithim a admháil go gcuireann ardú suntasach na Lib Dems gliondar ar mo chroí).

Táim ag tiomáint go Londain inniu i gcoir an deireadh seachtaine. Tá sé saor in aisce taisteal go Sasana, ach beidh orm tolla £5.00 a íoc ar an mbealach ar ais go dtí an Bhreatain Bheag chun an Severn a thrasnú. Anois, dá mbeadh mise i mo cheannaire Phlaid Cymru, bheadh sé sin ar bharr mo mhanifesto!

No comments:

Post a Comment