12.5.10

Oileán Thóraithe




So, 'sé David Cameron Príomh-Aire nua na Breataine, le cabhair óna Lib Dems. Glacfaidh mé go bhfuil an roinn is mó suíocháin ag na Tóraithe ach tá siad (beagnach go hiomlán) i Sasana, agus go háirithe sna ceantracha tuaithe.



Má bhreathnaítear níos géara ar na Tóraithe nua, feictear nach bhfuil ach dáréag dóibh tofa sna ceantracha Ceilteacha - Albain, Tuaisceart Éireann, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine. Ní sin ach 12 as 123 suíochán, nó 12 as 105 gan an Tuaisceart san áireamh.

Níor éirigh leis an gcomhaontú sa Tuaisceart leis an UUP, níor tháinig méadú ar bith in Albain.

'Sé David Cameron Príomh-Aire na Breataine ach, sin ráite, ní Príomh-Aire Cheiltigh na Breataine é.

4 comments:

  1. Sin léarscáil an-spéisiúil grma.
    An bhfuil eochair ar fáil leis? Chun míniú níos soiléire a thabhairt.

    ReplyDelete
  2. 12 as 123 suíochán, nó 12 as 205?

    Lúb ar lár ansin. Spéisiúl mar sin féin. Taoide gorm na Tóraithe, an ea?

    ReplyDelete
  3. Is féidir díriú isteach ar na torthaí ar fad anseo, a Dhubhaltaigh: http://news.bbc.co.uk/1/shared/election2010/results/

    Seo iad na dathanna atá in úsáid acu:
    Gorm - Tory
    Dearg - Labour
    Buí (dorcha, oráiste) - Lib Dem
    Buí (geal) - SNP (agus Alliance)
    Glas - Meascán de Greens, Sinn Féin, Plaid Cymru, SDLP
    Donn - DUP
    Liath - Others
    Bán - tortha fós le teacht

    ReplyDelete
  4. Lib-Con an t-ainm a chuala mé inniu ar an gcomhaontú seo...

    ReplyDelete