10.9.10

Post Príobháideach




















Tá sé ráite ag rialtas na Breataine inniu go ndéanfar príobháidiú ar an Royal Mail go luath. Fógraítear an méad sin go minic, ach is dócha go mbeidh brú níos troime an uair seo dul ar aghaidh leis an bplean de bharr an cúlú eacnamaíochta. 

Ní bhím i bhfabhar seirbhísí phoiblí a phríobháidiú go hiondúil. Is seirbhís riachtanach é an post, gan amhras. Pléitear go minic an tábhacht a bhaineann le fir poist na tuaithe go háirithe, agus an tseirbhís áitiúil phearsanta a chuirtear ar fáil ann. Tuigim cé chomh tábhachtach is a bhí an fear poist dom' sheanmháthair agus í ina cónaí ina haonar. Fiú mura mbeadh sí ag caint leis, tugadh muinín di go mbeadh cuairteoir ag an teach i gcás práinneach. Go minic 'sí an oifig phoist an t-aon áis a bhíonn le fáil go háitiúil. 

Ach ní hionann an scéal sa chathair, ina gcónaíonn breis is 90% de mhuintir na Breataine. Ní bhíonn aithne ag daoine ar an bhfear nó mbean phoist. Go minic éistítear le ceol agus iad ag obair. Maidin inné fuair mé fógra tríd an doras ag rá go rabhas as láthair nuair a thángthas le beart dom. Seafóid. Bhí mé féin agus cara tí sa teach ag an am. Bhí an postaí róleisciúil fiú cnagadh. Nuair a chuaigh mé go dtí an ionad sortála inniu, ag an am a bhí molta ar an bhfógra, bhí an beart fós in easnamh acu. Agus fear drochbhéasach taobh thiar den chuntar. (Mar a deireann an Cowelleach - Cá bhfuil mo diabhal beart?!!!)

An bhféadfaí an córas uirbeach a phríobháidiú? Gan cur isteach ar ár bhfir poist luachmhara faoin tuath?

4 comments:

  1. N'fheadar.

    Íocann an gnó brabúsach sa chathair as an gnó luachmhar faoin dtuath.

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom gurb é cúram na seirbhíse poist caidreamh sóisialta a choimeád le daoine aosta amuigh fén dtuath. Agus cad mar gheall ar na daoine nach bhfaigheann post go rialta. De ghnáth coimeádann comharsana súil ar dhaoine aosta aonaracha amuigh fén dtuath.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Aontaím leat a Mhíshásta. Ach fós féin is cuid lárnach don saol tuaithe é an fear phoist, ar bhealach is nach bhfuil chathair. Ní hé cúram an phoist caidreamh sóisialta a choimeád, ach IS é cúram an phoist seirbhís chothrom chéanna a chur ar fáil i ngach coirnéal den tír. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear seirbhís laethúil ar fáil do gach duine, go gcoimeádtar siopaí poist ar oscailt sna ceantracha iargúlta agus go dtugtar go leor airgid dá bhfoireann fir poist áitiúla a fhostú agus a choinneáil go fad-téarmach sa cheantar. Seans go gcuideoidh an phríobháidiú le seirbhís sa chathair, ach dar liom féin chuirfeadh sé brú baoil ar na gealltanais sin faoin tuath.

    ReplyDelete