Táimse réidh!
D'iarr mo mháthair orm inniu paraphernalia Liam agus Cháit a cheannach roimh filleadh abhaile amárach don Cháisc. De réir dealraimh, tá comharsan béal dorais dúinn chun cóisir a shocrú don bhainnis, ehm, ríoga ar an 29ú. Cóisir íorónach a bheidh ann, bíodh fhios agat. Is poblachtánaigh ceart muid fós.
So, idir an dá linn, bhí orm mugaí, bratacha agus naipcíní a cheannach. Agus beor Kiss Me Kate, a dhéanadh go speisialta don ócáid... 5%.
Is fada ón lá é a chaitheadh mo shin-seanathair i bhFrongoch ag na Black and Tans.
Romantic Ireland's dead and gone, it's with O'Leary in the grave...
Tír Tairngire
21 hours ago
Níor luaigh tú na málaí urlacain. Ba cheart daoibh cuireadh a thabharit do Mhíshásta, an last romantic.
ReplyDeleteAn lánúin bhocht...
ReplyDeleteBain sult as na saoire, a John!