28.7.11

Túr na fola

Tá an radharc is fearr do chathair Bhaile Átha Cliath (i mo thuairimse) le fáil ón gclinic deonaithe fola - Teach na bPeileacán - ar shráideanna Westmoreland agus D'Olier i lár na cathrach. Bhíos ann le déanaí, tráthnóna Aoine, nuair a bhí an clinic ciúin go leor, agus chaith mé roinnt ama ag glacadh griangrafanna... i ndiaidh dom deonú, ar ndóigh.


Ní úfónna iad sin sa spéir, ach salachar ar an bhfuinneog.


Má's féidir leat cur suas leis na ceisteanna sláinte pearsanta, atá i bhfad níos pianmhaire ná an deonú é féin (!), is fiú go mór an turas. Gheobhaidh tú ceapaire, cupán tae, agus radharc den scoth ar bharr na cathrach... agus ar ndóigh dea-mhothúchán an altrúchais... leis.

An méad sin ráite, gheobhaidh tú an radharc céanna, beagnach beo, ó webcam ar an suíomh seo, gan braon ar bith a roinnt!

De réir dealraimh, tá clú ar an radharc seo le tamaill fada anuas i measc na bhfoilsitheoirí cartaí poist.

4 comments:

  1. Radharc is fearr de Shráid Uí Chonaill cinnte dearfa ach den chathair, ní dóigh liom é!

    Ceapaim go bhfuil athbhreithniú ar siúl maidir leis na ceisteanna.

    ReplyDelete
  2. Sin dúshlán duit anois, a Néidí, radharc níos fearr a ghriangrafáil!

    Maidir leis na ceisteanna, tuigim an fáth go bhfuil siad ann, agus táim breá sásta iad a fhreagairt ar an bhfoirm, ach dul tríd le banaltra ina dhiaidh...iad uilig...fiú an ceann faoi mhoncaithe, mhalaria, agus do mháthair as Iarthar na hAifrice?! Bíonn sé náireach don deonaí agus don bhanaltra. Bheadh fáilte mhór agam roimh athbhreithniú ar an mbealach ina gcuirtear na ceisteanna.

    ReplyDelete
  3. Is deas an chomparáid idir na grianghraif úra agus an seancheann. An bhfuil an fhios agat cathain a tógadh an ceann ar an gcárta poist?

    ReplyDelete
  4. Am éigin idir 1949 agus 1966, a Ormondo, i ndiaidh deireadh na dtramanna agus roimh titim Philéar Nelson. Is breá liom na busanna glasa sa sean-chárta agus na bláthanna i lár droichead Uí Chonaill.

    ReplyDelete