16.10.11

An tArm Dearg


Tháinig na mílte Breatnach le chéile i Staid na Mílaoise ar an Satharn, iad ina muir dearg ag breathnú ar an gcluiche rugbaí in aghaidh na bhFrancach ar an taobh eile den domhan. Bhí mé ann, i t-léine dearg, ach glas le héad, mar a déarfá, nach raibh Éirinn ag imirt. Faraor, ní raibh an t-ádh dearg orthu, agus de bharr cárta dearg, agus ciceáil na bleus, fágadh le haghaidheanna dearga iad ag a deireadh :(


Ar a laghad, bhain mo chara tí agus a matháir sult as an mbeor (ahem, ag a 9 ar maidin) agus a hataí seafóideacha.

3 comments:

  1. Níl deis dá laghad ag an bhFrainc sa chraobh

    ReplyDelete
  2. Déarfainn go bhfuil an ceart agat a Néidí. Ach tá siad ann, agus scaifte maith buailte acu ar an mbealach. Caithfimid fanacht ar an gcluiche amárach.

    ReplyDelete
  3. Rinne siad sách maith, muise..:-)

    ReplyDelete