2.4.12

Ní gá a bheith mór...

...le bheith mórga.


Crann beag Magnóilia i bpáirc ina aice na hollscoile a bhí ag cur piotal agus mé ag siúl thairis.

Agus mé ag caint faoi radharcanna an Earraigh, seo íomhá de chadhain ag eitilt sa bhaile a seoladh dom an tseachtain seo caite. Bíonn na géanna ag ullmhú an t-am seo den bhliain don turas fada chun na hÍoslainne, sula leanann siad ar aghaidh go Ceanada i gcomhair an tsamhraidh. 3,000 km san iomlán. Go mairfidh a gcadhnra.


2 comments:

  1. Féach chomh gorm agus atá an spéir! Tá mé in éad libh.

    ReplyDelete
  2. @ Go mairfidh a gcadhnra.

    Áiméan..:-)

    ReplyDelete