16.8.12

An Blag is Fearr i dTeanga Éireannach

Foilsíodh fadliosta de na blaganna atá ainmnithe i mbliana do ghradaim Blog Awards Ireland (an dream nua atá i bhfeighil ar na gradaim ó d'éirigh Irish Blog Awards as). Caithim a admháil gur chuir sé iontas agus mearbhall orm ainm mo bhlag féin a fheiscint ann, go háirithe nuair nach bhfuil roinnt de na blaganna is fearr liomsa sa liosta. Tá trí bhlag déag sa fadliosta, trí cinn atá foilsithe ag Foinse.ie. Mo bhuíochas don té a mhol mo bhlag don ghradam, má's mar sin a oibríonn sé fós.

Chuir teideal na catagóire ag gáire mé... An Blag is Fearr "in an Irish Language". De réir Ethnologue, is iad an Béarla, an Ghaeilge, teanga comharthaíochta na hÉireann, an Ultais agus an tSeiltis na teangacha in Éirinn. Bhabha, caithfidh go bhfuil mo bhlag an-mhaith ar fad le bheith ar an bhfadliosta mar sin ;)

Feicim chomh maith go bhfuil Seo Focan Iontach ainmnithe sa chatagóir Bia agus Deoch. Huh? Is breá liomsa blag SFI ach ní fhaca mé béile air riamh. B'fhéidir go mbíonn na blagálaithe faoi thionchar an óil agus iad á scríobh ;)


5 comments:

  1. @ B'fhéidir go mbíonn na blagálaithe faoi thionchar an óil agus iad á scríobh ;)

    ASG!

    Comhghairdeachas, a John. Deas tú a fheiceáil ar an liosta, a chara..:-)

    ReplyDelete
  2. mar bhlagaire atá ar an liosta chomh maith (Turas Ailse), chuaigh mé a chuartú eolais faoi cén chritéir a bhí de dhíth le fáil chomh fada leis an fhadliosta. An nasc bheith ceart agus an blag bheith ann. Sin é. Ach cé a d'ainmnigh mé, sin an cheist. Níl mé ag gearáin, tá sé deas bheith ar liosta dhuine éigin, ní aon Groucho Marx mé (ní bheinn i mo bhall d'aon chlub a bheadh sásta glacadh liom)!

    ReplyDelete
  3. @ Réaltán: comhghairdeas leat. An bhfuilimid in iomaíocht lena chéile mar sin? ;)

    @ Áine: GRMA, ba chóir go mbeadh tú féin ar an liosta gan amhras. Faoi mar a dúirt Réaltán, ní thuigim na critéir ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  4. Sin fíor-ait, táimid sásta gur ainmníodh muid, ach nílimid cinnte ar scríobhamar aon cheo faoi bhia nó deoch ariamh! Caithfidh gur botún atá ann ar an drochuair, b'fhearr linn bheith istigh le lucht na Seiltise!

    ReplyDelete
  5. Tá an liosta sin ait, cinnte ach amhlaidh a bhí an scéal anuraidh.

    ReplyDelete