2.10.12

Machynlleth

Tá an baile beag seo i gcinnlínte na nuachta inniu mar gheall ar an gcuardach atá ar siúl ann faoi láthair don chailín óg cúig bliana, April Jones, atá ar iarraidh ó inné. De réir na dtuairiscí, chonacthas April ag dul isteach i veain sa bhaile timpeall a seacht a chlog tráthnóna inné, agus is cosúil gur fuadaíodh í. Guím gach uile rath ar an gcuardach.

Is baile fíor-bheag é Machynlleth, nach bhfuil ach 2,000 duine ina gcónaí ann, ach bhí a ainm (aisteach, agus beagnach doléite lasmuigh den Bhreatain Bheag) cloiste agam cheana féin, mar gheall ar a stádas stairiúil. Ba sa bhaile seo, deirtear, go raibh an chéad phríomhchathair neamhoifigiúil sa Bhreatain Bheag, nuair a bhunaigh an laoch náisiúnta, Owain Glyndwr, a rialtas ann.

Bhí deacrachtaí ag léitheoirí nuachta raidíó RTÉ ar maidin ainm an bhaile a fhoghrú, agus tuigim a gcás. Is é maˈxənɬɛθ an treoir foghraíochta atá le fáil ar Wikipedia: ma... (cosúil le 'mea' sa bhfocal 'meas')... chyn... (díreach cosúil lenár 'chun' féin)... ll... (an fhuaim fhíor-Bhreatnach sin atá cosúil le cat ag siosarnach)... eth... cosúil le deireadh an fhocail Bhéarla 'death'.

Tá físeán deas ón mBBC faoi ainm an bhaile le fáil anseo (buíochas le hAonghus).

5 comments:

  1. Ainm spéisiúil.

    Mór an trua na cúinsí faoinár chuala mé é!

    Píosa deas físe anseo:
    http://t.co/UCLS0RPH

    ReplyDelete
  2. Go raibh míle maith agat, a Aonghuis. Cuirfidh mé tagairt don fhíseán sin sa mhír thuas.

    DAS, nach bhfuil 'ma' an-chosúil mar sin le 'maigh' s'againne, sa chaoi is atá cur síos déanta air sa físeán?

    ReplyDelete
  3. Ní cúis iontais sin!

    http://www.ceantar.org/Dicts/MB2/mb25.html#MB.M

    magh
    a plain, a field, Irish magh, Old Irish mag, Welsh ma, maes (*magestu-), Cornish mês, Breton maes, Gaulish magos: *magos, *mages-, field, plain, "expanse", from root magh, great, Sanskrit mahî, the earth, mahas, great; Greek @Gmc@nhos, means, Latin machina, machine; Gothic magan, be able, English may.

    ReplyDelete
  4. Sin é! Caithfidh mé é sin a roinnt le mo chairde Breatnacha.

    ReplyDelete
  5. go dtaga siad ar an chailín bheag sin roimh i bhfad.

    ReplyDelete