11.5.12

Cró na gCachtas

Agus mé ag caint faoi phlandaí... bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar ghairdíní na lusanna in Ollscoil Birmingham arís agus mé ag freastal ar seimineár eile ansin seachtain ó shin. Dhírigh mé m'aird ar chró na gcachtas an uair seo, nó an Teach Tur mar a ghlaonn siad féin air.

An "Teach Tur" (nó Cró na gCachtas)
Caithim a rá nach raibh dúil agam sa chineál seo planda riamh, ach níorbh fhada go rabhas faoi dhraíocht ag dathanna agus cruthanna éagsúla na gcachtas.

An ceann seo a chuir an stíl ghruaige cornrows i gcuimhne dom...


...agus an ceann seo thíos a chuir mo ghruaig chasta féin i gcuimhne dom!


Agus an ceann daite seo, ó Mheicsiceo ó dhúchas, a chuir damhsóirí bláthúla na tíre sin i gcuimhne dom ar an lá... ach ag breathnú arís air, nílim róchinnte...! Nach fallach an planda é?!




Seomra na Luibheanna

Tá dhá sheomra bhreise againn sa teach faoi láthair, bhuel, bhí, go dtí gur athraigh mé ceann dóibh ina seid garraíodóireachta, nó ina phlandlann, b'fhearr dom a rá, dom' luibheanna. Seo daoibh iad... sa bhosca dubh: síobhas (ag a haon a chlog), basal (ag a cúig), lus an choire (ag a hocht) agus, sílim, peirsil (ag a haon déag). Nílim róchinnte faoin dá cheann deireanacha, mar tá siad an-chosúil lena chéile faoi láthair. Ar ndóigh tá planda basail ar dheis, 'ceann a rinne mé cheana féin' mar a déarfá.
Caithim a rá nach bhfuil 'méaracha glasa' agam go fóill. Tá cuma shláintiúil ar an mbasal, ceart go leor, ach nílim ródhóchasach faoin bpeirsil bhocht, agus de réir mo chara tí, tá an síobhas "cosúil le ríbeanna gruaige Homer Simpson" - lag agus annamh. Is léir nach mbeidh síobhas fite fuaite i mo phrátaí bruite brúite ar feadh tamaillín eile...

24.4.12

Béarla cliste/Béarla briste

Béarla cliste... ar an siopa thíos i mBaile Átha Cliath. Téarma deas ar sean-éadaí caite athláimhe

"Pre-loved Clothes"

Béarla briste... ar chomhartha do thiománaithe i stáisiúin na mbus in Victoria, Londain, a bhaineann gáire asam i gcónaí. An dteastaíonn duine i ndáiríre chun féachaint ar do thóin agus tú ag iarraidh tiomáint ;)

"Rear end supervision"

18.4.12

Camchuairt coise i gCathair an Ghrá


Ghlac mé páirt Dé Domhnaigh i maratón Pháras in éineacht le 40,000 eile, agus seo thuas an fhianaise. Bhíos beagáinín níos moille ná mar a bhí mé i mBÁC - bhí gaoth láidir ag séideadh thíos boulevardes leathana na príomhcathrach agus sílim gur chuir sé sin isteach orm - ach táim an-sásta liom féin agus m'am: 4 uaire (beagnach). 

A leithéid de chúrsa - ní hamháin go raibh cuid mhaith de mhór-shuíomhanna na cathrach le feiceáil againn agus muid ag rith thart ach bhí an pribhléid againn rith síos lár an Champs Elysées i dtreo an Louvre gan aon trácht ag cur isteach orainn. Suíomh aisteach neamhchlúiteach nach mbíonn le feiscint ag an ngnáth-thurasóir ná an tollán cois Seine ina bhfuair an bhanphrionsa Diana bás a bhí cuid den chúrsa 26 míle. Mar a fheicfidh tú ón léarscáil thuas bhí dhá choill na cathrach - an Bois de Vincennes agus Bois de Boulogne - san áireamh, ach faraor ní rabhas in ann sult agus faoiseamh a fháil ón nádúr ann - bhíos breá sásta filleadh ar na sráideanna agus Avenue Foch a fheiscint, áit a raibh deireadh an rása, faoi dheireadh thiar thall. 

Tháinig slua maith amach ar na sráideanna chun a gcuid tacaíochta a thabhairt dúinn. Caithim a rá go raibh na bannaí ceoil go hiontach ar fad, agus thug siad fuinneamh dom agus mé in ísle brí sa dara leath den chúrsa go háirithe. Thaitin na briseanna bía is dí liom chomh maith - bhí uisce agus torthaí úra le fáil ag gach 5 km (in áit na diabhal gels agus deochanna fuinnimh a fhaightear ag rásanna eile). Agus ar ndóigh bhaineas pléisiúir as gloine mór fíona ag a deireadh... rud a chuidigh go mór liom na pianta im' chosa a chur uaim.

Sin mo mharatón deireanach anois le tamaillín eile. Beidh mé tríocha bliain d'aois amárach, so caithfidh mé aire a thabhairt do mo shean-ghéaga!

10.4.12

Cuan Chaerdydd

Ó chnoc Phenarth. 



Nach deas an radharc é ar maidin?

Troid na dTithe

An cuimhin libh an foirgneamh is gránna a tógadh riamh? Bhuel, is cosúil nach mise amháin atá bréan de bheith ag breathnú trasna air. Thugas faoi ndeara inniu go mbíonn mo thighín féin á mhaslú gach maidin agus ag tabhairt dhá mhéara an tsimléir dó, faoi mar a bhfeicfidh sibh sa ghrianghraf thíos.

2.4.12

Ní gá a bheith mór...

...le bheith mórga.


Crann beag Magnóilia i bpáirc ina aice na hollscoile a bhí ag cur piotal agus mé ag siúl thairis.

Agus mé ag caint faoi radharcanna an Earraigh, seo íomhá de chadhain ag eitilt sa bhaile a seoladh dom an tseachtain seo caite. Bíonn na géanna ag ullmhú an t-am seo den bhliain don turas fada chun na hÍoslainne, sula leanann siad ar aghaidh go Ceanada i gcomhair an tsamhraidh. 3,000 km san iomlán. Go mairfidh a gcadhnra.