31.8.12
Níl ann ach uimhir
Féach ar an bhfíseán álainn seo a taifeadadh san Ísiltír, inar chuir an ceamaradóir an cheist "Cén aois thú?" ar chéad duine ar shráideanna (agus i dtithe altranais) Amsterdam. Tá na daoine curtha in eagar - óna haon go dtí céad bliain d'aois. Ní hamháin go n-insíonn sé scéal an tsaoil ach is bealach an-mhaith é na huimhreacha Ollainnise a fhoghlaim! Is breá liom an bhean dheireanach a ghlaonn a haois amach go hard soiléir bródúil: "Honderd!"
30.8.12
Caillte gan a bheith Cinnte
Thaitin an scéal seo liom inniu faoi bhean a chuaigh 'ar strae' ar saoire i ndeisceart na hÍoslainne. De réir dealraimh, nuair a d'athraigh sí a cuid éadaí lá amháin níor aithnigh na turasóirí eile ar an mbus í (ní raibh aithne acu uirthi roimh an turas), agus cuireadh cuardach i bhfeidhm - cuardach a raibh an bhean 'chaillte' féin páirteach ann! Tar éis lá iomlán cuardaigh, thug an bhean bhocht faoi dearadh go raibh an cur síos ar an 'bhfánaithe' an-chosúil léi féin.
Nuair a deireann turasóirí go dtéann siad ag taisteal "to find themselves", ní dóigh liom go mbíonn an cineál sin fionnachtana i gceist ;)
29.8.12
Gradaim na mBlag(anna)
Toisc nach bhfuil suaitheantas Gaeilge curtha ar fáil ag Blog Awards Ireland, tá an leagan Gaeilge seo thíos cruthaithe agam (go tapaidh, agus gan mórán aire a thabhairt don chló).
Tá fáilte romhaibh siúd atá ainmnithe cóip a shábháil agus é a thaispeáint go bródúil ar bhur mblaig féin. Ní raibh spás don uimhir iolra 'blaganna' ar an suaitheantas, mar sin tá uimhir iolra neamhchaighdeánach á úsáid agam... go, ahem, gearrtéarmach. Sure, déanfaidh sé cúis.

28.8.12
Monapsonacht
D'fhoghlaim mé focal nua le déanaí... an focal monapsonacht, nó 'monopsony' sa Bhéarla.
Bhí mé féin agus cara ag spaisteoireacht sa bhaile nuair a d'iarr mo dhuine orm, "Cad a dhéantar leis an eorna ar fad a fhásann sa cheantar?"
"Ar aghaidh go Guinness leis an gcuid is mó de", arsa mise, go heolach.
"Ó sea", arsa mo dhuine agus eisean i bhfad níos eolaí, "Chuala mé go raibh monapsonacht ag Guinness ar eorna na tíre seo".
Tuigimid go léir go mbíonn monaplacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach soláthróir amháin le fáil, m.s. an mhonaplacht a bhí ag an ESB sular tháinig Airtricity agus na soláthróirí leictreachais eile ar an bhfód. Ach bíonn monapsonacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach custaiméir amháin ann. Mar sin, beagnach, le Guinness agus eorna na hÉireann.
DAS, bronnadh an muga péatair seo ar mo shean-athair de bharr ardchaighdeán a eorna fadó fadó. Cuireadh an eorna sin ar aghaidh go... bhuel... Guinness, ar ndóigh ;)

26.8.12
Contaeghrá
"Wú húúú Dún na nGall!" arsa Áine sa téacsteachtaireacht. Níl fáil ar an idirlíon aici faoi láthair, fabht eile a deireann sí, agus bhí sí ag iarraidh a sceitimíní i ndiaidh bhua na bpeileadóirí a roinnt ar bhealach éigin. Agus tuige nach mbeadh? Cluiche breá bríomhar spórtúil a bhí ann.
Agus mé ag caint faoin CLG, cheannaigh mé an mála álainn seo inniu. Beidh sé ag teacht ar ais go Caerdydd liom amárach agus á iompar go bródúil agam timpeall na cathrach ansin (cé nach bhfuil faic buaite againn i mbliana). Tuigim an tóir a bhíonn ag cailíní ar mhálaí anois ;)
I gcomparáid le mo mhála contaeghrách, tá aitheantas scitsifréineach ag an ngluaisteán 'Gearmánach' a chonaic mé ag fanacht ar an long go Ros Láir an tseachtain seo caite. An ón nGearmáin nó ó Éire a thagann sé?!

16.8.12
An Blag is Fearr i dTeanga Éireannach
Foilsíodh fadliosta de na blaganna atá ainmnithe i mbliana do ghradaim Blog Awards Ireland (an dream nua atá i bhfeighil ar na gradaim ó d'éirigh Irish Blog Awards as). Caithim a admháil gur chuir sé iontas agus mearbhall orm ainm mo bhlag féin a fheiscint ann, go háirithe nuair nach bhfuil roinnt de na blaganna is fearr liomsa sa liosta. Tá trí bhlag déag sa fadliosta, trí cinn atá foilsithe ag Foinse.ie. Mo bhuíochas don té a mhol mo bhlag don ghradam, má's mar sin a oibríonn sé fós.
Chuir teideal na catagóire ag gáire mé... An Blag is Fearr "in an Irish Language". De réir Ethnologue, is iad an Béarla, an Ghaeilge, teanga comharthaíochta na hÉireann, an Ultais agus an tSeiltis na teangacha in Éirinn. Bhabha, caithfidh go bhfuil mo bhlag an-mhaith ar fad le bheith ar an bhfadliosta mar sin ;)
Feicim chomh maith go bhfuil Seo Focan Iontach ainmnithe sa chatagóir Bia agus Deoch. Huh? Is breá liomsa blag SFI ach ní fhaca mé béile air riamh. B'fhéidir go mbíonn na blagálaithe faoi thionchar an óil agus iad á scríobh ;)

13.8.12
DÁN AG TEASTÁIL
A chairde, beidh Lá Eorpach na dTeangacha ar siúl arís i mbliana agus beidh oíche chéiliúrtha san ollscoil cosúil leis an ócáid anuraidh, nuair a léadh 14 dán in 14 teanga éagsúla, an Ghaeilge ina measc. Léigh cara liom san ollscoil dán le Seán Ó Ríordáin anuraidh agus, toisc go bhfuil an cara sin imithe ón ollscoil anois, ba mhaith liomsa cur isteach air i mbliana.
'Sé "téama" na hócáide an uair seo ná:
POBAL
Moltaí ar bith uaibh??
Beidh orm aistriúchán Béarla a chur ar fáil freisin, so má tá aistriúchán déanta ar do rogha dáin cheana féin chabhródh sé go mór liom.
Níl deifir oraibh go fóill, tá an spriocdháta i lár mhí Mheán Fómhair.

Subscribe to:
Posts (Atom)