11.8.11

In ainm Gé


So, 'sé Gabriel Mary Byrne rogha na coitianta, le Mary eile sa séú háit, an bheirt acu ar thóir phost Mary eile - an dara Mary i ndiaidh a chéile.

'Sé Gay an t-iarrthóir is mó tóir air mar sin, agus fear le guth gé ina dhiaidh. Gay eile sa cheathrú háit, agus bean atá in aghaidh na gays ag an deireadh.

Agus sin uilig th'éis díbirt an t-aon gay sa chomórtas :(

In ainm Gé...



5 comments:

  1. Agus sin uilig th'éis díbirt an t-aon gay sa chomórtas

    Mmm. An bhfuil tú cinnte? Tá an t-iarrthóir sa dara háit pósta le fada, ach ní chiallaíonn sé sin mórán... go háirithe i gcás duine a rugadh in Éirinn seachtó bliain ó shin.

    ReplyDelete
  2. Nílim cinnte, a Dennis! Ach tháinig scéal David chun solais ar bhlag, so caithfimid a bheith cúramach anseo ;)

    DAS, 'sé Michael D an t-iarrthóir is fearr liomsa faoi láthair, cé go n-aithním nach maith le gach duine é. Ní dóigh liom go mbeadh Gaybo oiriúnach ar chor ar bith - róshean, róchaomhach, ró... cineál, bhuel, ard-nósach, déarfainn féin.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2011/0812/1224302299557.html

    Tá alt suimiúil san IT faoi Ghé-Bó.

    Ba Norris rogha na coitiantachta agus ceapaim anois gur Michael D an duine a dhéanfadh an dochar ba lú...

    ReplyDelete
  5. Aontaím go hiomlán le Fintan ansin. B'shin é an chéad chlaonadh riamh a léigh mé sna meáin i gcoinne Gaybo. Ní thaitneoidh sé sin leis. Meas tú, an gcabhróidh sé leis a chinneadh a dhéanamh?

    Maidir leis 'an dochar ba lú'... léiríonn sé sin chomh híseal is atá caighdeáin na polaitíochta sa tír, nó b'fhéidir chomh híseal is atá meas an phobail ar na polaiteoirí, agus é tuillte go maith acu, gan amhras.

    ReplyDelete