16.8.11

Teip le tae

Ar nuacht Channel 4 anocht déanadh tuairisc ar na stocbhróicéirí ar Wall St atá ag cur geallta ar thitim an Euro. Iad ag iarraidh airgead a 'thuilleadh' ar bhochtanas agus éadóchas na milliúin daoine. Ag caint faoi shochaí bhriste.


Ach breathnaigh céard a bhí ar bhinnse stocbhróicéara amháin - bosca tae Barry's! Eisimirceach Éireannach a dhíbireadh ón mbaile mar gheall ar theip an gheilleagair, ag obair ar son teipe eile. B'fhéidir go bhfuil sé uaigneach.

4 comments:

  1. Féachann na leaids sin air mar chluiche. Ní chíonn siad an tionchar, nó is cuma leo. Táid istigh i mbolgán, ag cruthú bolgáin.

    Is mithid an chóras a scrios!

    ReplyDelete
  2. "Féachann na leaids sin air mar chluiche. Ní chíonn siad an tionchar, nó is cuma leo."

    D'fhéadfá an cur síos céanna a dhéanamh ar chreachadóirí Hackney agus Tottenham. Tá an comparáid idir coirpigh na huasaicme agus na híosaicme ag éirí níos soiléire de réir a chéile.

    ReplyDelete
  3. Tá cinnte.

    Leithleachas agus easpa comhbhá saintréith coirpigh.

    ReplyDelete
  4. Bhí neart dos na daoine páirteach sna círéibeacha an tseachtain seo caite saibhir agus deiseanna acu. Féach ar roinnt dóibh os comhair na gcúirteanna

    ReplyDelete