25.11.11

Máire agus Seán

Agus mé ag dul tríd an mbailiúchán Ghaeilge do leabharlann na hollscoile inné, d'aimsigh mé an seod litríochta seo thíos.


Rith cúpla ceist liom. Cén fáth sa diabhal go bhfuil leabhar chomh sean-aimseartha sin le fáil i gCaerdydd? Agus, nach bhféadfaí roghnú níos fearr a dhéanamh chun staid leabhair na bpáistí a léiriú?!


Is léir go bhfuil an cineál seo leabhair as faisean anois. Mar shampla, ní fheicfí íomhánna chomh traidisiúnta sin - cailíní i sciortaí, mamaí sa chistin - sa lá atá inniu ann. Glacaim leis go bhfuil madra agus cait ann, ach faoi mar a chuirtear sna leabhair a bhíonns á léamh ag paistí an lae inniu, ba chóir go mbeadh ainmhithe níos neamhghnáiche le feiceáil, agus le cloisteáil ag caint. Moncaithe, spúinsí mara, nó dineasáir, fiú. Ba chóir go mbeadh na scéalta suite faoin aigéan, nó sa dufair, nó i spás... agus ní i scoileanna, siopaí agus tithí an ghnáthshaoil.


Ach ag athfhéachaint ar dhearadh an leabhair, caithim a admháil go dtaitníonn a sheanaimsearthacht liom. Is maith liom an scríbhneoireacht mór, agus an bealach ina líonann sé an leathanach beagnach go hiomlán. Taitníonn an cló serif liom. Agus féach ar na ceannteidil, scríofa gan ceannlitreacha móra. A leithéid de nua-aimsearthacht! Níl an scéal róshuimiúil, ach tá rud éigin compordach agus aitheanta ag baint leis. B'fhéidir go bhfuilim buailte leis an nostalgia, agus muid ag druidim i dtreo na Nollag.

6 comments:

  1. Sin an chineál leabhair scoile a bhíodh ann fadó. Tá cuid acu agam, agus léigh/léim do mo pháistí iad.

    Tá Gaeilge chruinn nádúrtha iontu.

    Agus ní bhíonn páistí de shíor ag lorg an rud nua - cé gur maith ann na leabhair nua.

    ReplyDelete
  2. Is dócha go bhfuil an ceart agat. Is cosúil go mbeidh éileamh ar leabhair Bheatrix Potter go deo. Agus Winnie the Pooh. Ach tá seans ann go mbraitheann sé sin ar an tóir a bhí ag na tuismitheoirí ar na carachtair sin.

    Meas tú an mbeidh cuma seanfhaiseanta ar Peppa Pig, Spongebob agus Dora - carachtair 'claisiceacha' ár linne - amach anseo? Taitníonn Spongebob go mór liom fós caithim a admháil. Agus tá sé i BHFAD níos fearr as Gaeilge. "I ndáiríre, ndáiríre?!"

    ReplyDelete
  3. Is breá liom na dathanna. Agus tá an t-athrá díreach ag teacht le meon an pháiste óig. Ach is beag 'teaset' a fheictear sa la atá inniu ann! Nach saoithiúil a leithéid bheith sa leabharlann go fóill! De ghnáth, caitheann siad amach leabhair ata 'imithe as dáta'!

    ReplyDelete
  4. Caitheann gan amhras. B'fhéidir nár thuig siad go raibh sé 'as dáta', toisc gur as Gaeilge a bhí sé!

    ReplyDelete
  5. B'aoibhinn liom an leabhar sin a bheith agam. I gCathach Books an bhliain seo chaite cheannaigh mé dráma do pháiste óna 1940í. Bhí páiste éigint théis an scríbhneoireacht go léir a dathú isteach. Bhí sé go hálainn

    ReplyDelete

  6. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    ReplyDelete