1.12.11

Locht an mhinistéara

Táim ag baint sult as Sean-Chaint na nDéise faoi láthair, bailiúchán frásaí ó ghnáthchaint na ndaoine sa cheantar a foilsíodh i 1944 leis an Athair Mícheál Ó Síocháin (nó Most Rev. Michael Sheehan fé mar atá ar an leabhar).

Thaitin an sampla seo go mór liom, ag cur síos ar úsáid an réamhfhocail 'chun', a chuir ag scairteadh gáire mé.

"Do ghuigh an ministéir chun aimsir bhreágh do dh'fháilt, agus is dócha go b'é sin is cionntach leis a bhfearthainn."

Ní fios dom an é an tAthair Ó Síocháin é féin atá i gceist ;)

DAS, tá cur síos ar shaol an údair le fáil anseo.

1 comment:

  1. Caolseans. Tagraíonn ministéir do Eaglais Protastúnach. Slais seicteach eile, mar is gnách!


    Crá ort a Dhoiminic Uí Dhónaill
    Nach mairg a riamh a chonaic thú
    Bhí tú i do shagart Dé Domhnaigh,
    agus maidin Dé Luain i do mhinistir (Fill, fill a rún ó)

    ReplyDelete