27.3.12

Bród

Seo iad mo rang oíche Gaeilge agus iad i mbun canadh Óró Sé Do Bheatha Bhaile. Iarradh orainn an t-amhrán a thaifeadadh don chlár Brendan Dunne's Bród Club ar RTÉ 1, feachtas teilifíse atá ar siúl faoi láthair chun caint na teanga a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag léiritheoirí an chláir sin an t-amhrán iomlán a chur le chéile le míreanna beaga ó ghrúpaí amhránaithe ar fud an domhain. Sin é Staid na Mílaoise sa chúlra, an siombal is mó - dár linne - don chathair seo.


Ag caint faoin 'mbród', táim thar a bheith mórtasach as na mic léinn seo - mo chéad rang Gaeilge riamh. Thosaigh siad ag staidéar Gaeilge bliain go leith ó shin agus nuair a chríochnaigh siad an siollabas a bhí leagtha amach san ollscoil, d'iarr siad orm rang oíche a chur ar fáil dóibh. Tá ag éirí leo leis an gcúrsa TEG, agus tá súil agam go mbeidh siad in ann an scrúdú A2 den chúrsa sin a dhéanamh amach anseo. Is cainteoirí Breatnaise iad agus, ar ndóigh, cuidíonn sé sin go mór leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus níl siad cuthaileach ar chor ar bith, faoi mar a fheicfidh sibh thíos. 





3 comments:

  1. Céard atá á rá ag Neil (litriú?) ? “Is aoibhinn liom ___ na Gaeilge.”

    ReplyDelete
  2. 'a bheith' is dócha.

    Caithfidh mé an focal sin a athdhéanamh sa chéad rang eile ;)

    ReplyDelete