22.3.12

Gnách, meánach, normálta

Is maith liom na cnaipí seo thíos ar cheann de mheaisíní caife na hollscoile. Tugann siad deis duit láidreacht do chupán tae a roghnú - idir STRONG, NORMAL agus MILD.

Roghnaím féin 'normal', ar ndóigh. Is breá liom úsáid an fhocail sin, cuireann sé in iúl dom go bhfuil rud mínormálta mínádúrtha leis na daoine sin a thaitníonn tae láidir nó lag leo. Agus is dócha go bhfuil :) Sure, dá mbeadh siad 'normálta' bheadh an cnaipe NORMAL á bhrú acu.


Dála an scéil, níl aon rud 'normálta' faoin meaisín seo. Goideann sé mo 70p go rialta gan faic a thabhairt dom. Uaireanta eile ní thugann sé ach leathchupán tae dom. Agus tagaim ar ais chuige arís is arís. B'fhéidir nach bhfuilim féin normálta ag deireadh an lae.

4 comments:

  1. @ cuireann sé in iúl dom go bhfuil rud mínormálta mínádúrtha leis na daoine sin a thaitníonn tae láidir nó lag leo

    ASG!

    Nach suimiúil go dtugtar, go normálta, meaisín caife ar mheaisín a thugann tae amach..:-)

    ReplyDelete
  2. ASG. Tá an ceart agat, a Áine! Bíonn seacláid te, bainne te, agus anraith á ndáladh amach as freisin. Uaireanta bíonn braoinín de bhlas an anraith le fáil ón tae. Yuchhhhh. Níl sé sin 'normálta' ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  3. Bíonn measíní caife sna seomraí ina lán óstáin inniu. D'fhoghlaim mé i bhfad ó shin nach féidir liom iad a úsáid le tae a dhéanamh, bíodh is go mbíonn málaí tae ar fáil de ghnáth freisin. Tá blas an chaife ró-láidir ar an uisce te a thagann astu!

    ReplyDelete