...ón bpraiseach eacnamaíochta agus polaitíochta ina bhfuil muid faoi láthair ná an méad díospóireachta atá ar siúl le déanaí maidir le haitheantas, náisiúnachas, daonlathas agus, ar ndóigh, todhchaí na hÉireann. Agus ní amháin in Éirinn atá sé ar siúl, ach i measc an diaspóra freisin ar shuíomhanna agus ar leathanaigh na meáin idirnáisiúnta. Bhí suim ag fir agus mná léinn sna hábhair sin riamh, chomh maith le cuid mhaith iriseoirí (nuair a fheil sé dóibh), ach don chéad uair im' shaol (seachas b'fhéidir aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta) mothaím go bhfuil go leor leor gnáthdaoine ag plé le ceisteanna móra an Stáit. Má tá rud dearfach le teacht as an ngéarchéim 'sé an t-athbhreithniú ar an mbealach ina riartar an Stát. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe agus, níos tábhachtaí fós, go mbeidh athruithe móra déanta roimh chomóradh 2016, agus go mbeimid níos láidre agus níos cothromaí i ndiaidh an phróiséis.
In ómós do Mharian Finucane... éistim lena clár go rialta agus ní ghlacann sí le leath-fhreagraí agus ráiméis na bpolaiteoirí. Bíonn mífhoighne le brath ina guth aici agus go minic bíonn uirthi an cheist ceannann céanna a chur orthu faoi dhó nó faoi thrí chun freagraí cruinne a fháil ar an scéal. Bíonn ceist amháin go minic á phlé aici go háirithe le lucht an fhreasúra: cá raibh an argóint mhalartach? Nach raibh na geallúintí céanna ag an bhfreasúra tuilleadh airgid a chaitheamh, go háirithe i rith an toghcháin deireanaigh? Conas a athrófar an córas polaitíochta sa tír amach anseo ionas nach dtarlóidh a leithéid de phlámás go deo arís?
Mo mholadh chomh maith leis an Irish Times. Thaitin an t-alt seo liom inniu, cuir i gcás. Agus i measc na mbuarthaí agus na gciorraithe ar fad thaitin an t-alt seo go mór liom freisin. Ar a laghad beidh Irish mammies agus Munster finals againn go deo buíochas le Dia.
k. 344 Slíbhíní ar son Trump
2 weeks ago






