6.11.10

Cáis mhagaidh




















So, tá an rialtas chun cáis a roinnt le boicht na tíre ó 'shliabh cháise' na hEorpa saor in aisce. Is dócha go bhfuil sé tuilte againn, agus muid go léir chomh ciúin le lucha ag fanacht ar an ngéarghearradh geilleagair atá le teacht. Níor chóir gearán faoin gcarthanacht, ach tá sé deacair glacadh le cáis, nuair atá cait ramhara na mbanc agus an rialtais fós ina n-áit.

Má tá oideas deas uaibh, bain triail as Welsh rarebit. Bheadh sé go hálainn le gloine Merlot ó loch fíona na Bruiséile. Anois, bheinn breá sásta glacadh lena leithéid de charthanacht.

5 comments:

  1. Dul chun cinn na staire: ó sheachtar na cásca go cúigear déag* na cáise!


    (*Tá cúigear déag sa chomh-aireacht faoi láthair.)

    ReplyDelete
  2. AGOA/AGOI*

    *Ag gáire os ard, ach ag gol os íseal :(

    ReplyDelete
  3. Ah, yes. Coinín Breatnach. Léigh mé áit éigin go mbíodh “coinín Sasanach” agus “coinín Éireannach” ann freisin sa naou haois déag.

    ReplyDelete
  4. @ 'chomh ciúin le lucha' ...:-)

    Cé nach, ahem, cáis gháire é!

    ReplyDelete
  5. Céard a bhí ann sa choinín Éireannach, a Dennis?

    @ Áine: Ní cáis gháire é ar chor ar bith. I ndiaidh dom an scéal a léamh, bhí mé in ísle 'brie'. :P

    ReplyDelete