3.11.10

Oireachtas na nGealt

Ní dhéanfaidh mé cur síos anseo ar Oireachtas na bliana seo - tá léirmheas(anna) iontach cuimsitheach scríofa ag Áine faoi. Ach déarfaidh mé an méad seo, nach raibh an oiread sin craic agam le fada an lá. Faraor, ní raibh deireadh seachtaine chomh ahem cultúrtha agus a bhí uaim, ach níl an milleán ormsa bíodh a fhios agat, bhí na beáir plódaithe an deireadh seachtaine ar fad agus iad lán sásta glacadh le m'airgead go moch ar maidin. Déanaim mo dhícheall cur leis an ngeilleagar agus mé sa tír ;) Níl a fhios agam cárb as a tháinig an slua, ach ní raibh siad sásta imeacht go dtí go raibh an beár tirim agus an úrlár damhsa báite leis an allas. Bhaineas an-sult as bualadh le sean-chairde agus ar ndóigh aithne ceart a chur ar chairde nua an bhlagasféir. Go mbeirimid beo ag an am seo arís, a Áine agus Prionsias, thíos sa Gleneagles le hairgead inár bpócaí agus piontaí (nó caifé dubh) inár nglac.

3 comments:

  1. Hmmm. Do bhí Club na Féile cosúil le heagrán Ibiza Uncovered, ach nach maith an rud é? Chruthaigh an dream óg atmaisféar beo bríomhar sa halla, agus iad uilig ag rinnce go Gaelach (cuid acu ar an ardán). Nach love-in mór do Ghaeilgeoirí atá san Oireachtas? Ait ina gcasann seanchairde le chéile chun an teanga agus an saol a phlé? Do thaitin na comórtais liom, ach fillfidh mé i gcomhair an chomhluadair.

    ReplyDelete
  2. 'Chruthaigh an dream óg atmaisféar beo bríomhar sa halla'

    Aontaím...:-)

    ReplyDelete