17.12.10

Le himeacht an ama



Earrach, Samhradh, Fómhar, Geimhreadh,
Deireadh bliana i gCaerdydd bhán.
Beannacht ort le linn na saoire:
Teach breá te, is bolg lán.

10.12.10

Turas go Tintern x2

Thug mé cuairt ar mhainistir Tintern ar an Satharn agus mé sa Bhreatain Bheag, agus cuairt eile ar mhainistir Tintern ar an Máirt agus mé in Éirinn! An dá cheann acu suite cois aibhneacha in oirdheisceart a dtíortha. Cé go bhfuil siad ina bhfothraigh anois, faraor, do bhí nasc láidir idir mhanaigh an dá mhainistir tráth. I mo thuairim féin, tá foirgneamh níos fearr ag mainistir na Breataine Bige, ach suíomh níos deise ag mainistir na hÉireann. Ach b'fhéidir go bhfuil mé leataobhach ar son mainistir Loch Garman - rugadh agus tógadh mé in aice leis!

Mainistir Tintern (Abaty Tyndyrn), Cymru


Ar ndóigh tá cáil ar mhainistir na Breataine Bige mar gheall ar dhánta William Wordsworth. Tá an mhainistir suite i ngleann abhainn Wye díreach ar theorann Sasana. Tógadh é sa 12ú aois agus bhí sé faoi smacht na Cistéirseach ar feadh 400 bliain go dtí Díscaoileadh na Mainistreacha ag Henry VIII. Goideadh an luaidhe ón díon agus clocha ón bhfoirgneamh agus fágadh é ina bhfothrach ó shin. Níl ann anois ach ballaí briste, colúin agus corr-fhuinneog fholamh. Ach tá draíocht fós ag an mainistir ard ársa seo, tá éadroime le braith ina hailtireacht agus fuaimíocht den chéad scoth, cé go bhfuil an díon imithe le fada an lá.

Mainistir Tintern, Loch Garman


Tá scéal suimiúil ag baint le bunú na mainistreach seo sa 13ú aois. Do bhí tiarna Sasanach, darbh ainm William Marshall, ar bhád amach ó chósta Loch Garman oíche stoirmiúil. Gheall sé do Naomh Áine go dtógfadh sé mainistir ar a son dá dtabharfadh sí slán é ón stoirm. De réir an scéil, thuirling an bád faoi dheireadh isteach i gcuan Bhanú san áit ina bhfuil fothrach na mainistreach inniu. Nuair a bhí an foirgneamh tógtha ag Marshall thug sé cuireadh do mhanaigh Tintern na Breataine Bige mainistir a bhunú san áit. Sin an fáth go nglaoitear Tintern de Voto - Tintern na Móide - uirthi. (Glaoitear Tintern Major ar an gceann eile). Arís, tháinig deireadh le ré na manach le teacht an Díscaoilte, ach i gcás Tintern na hÉireann úsáideadh é mar theach cónaithe ag muintir Cholclough, tiarnaí talún Sasanacha ina dhiaidh. Bhí ball de mhuintir Cholclough fós ina cónaí ann sa 20ú aois sular tugadh ar ais don Stát é sna 60aidí. Tá an OPW á athchóiriú ina mainistir ó shin i leith.

7.12.10

Muileann an tSneachta

Bhí orm filleadh ar an seanfhód inné, agus an áit fós clúdaithe le brat tiubh sneachta. Thosnaigh sé ag cur sneachta go trom arís ar maidin - deis deas agam dul ag siúl agus griangrafanna a ghlacadh don cheantar. Ar an mbád ar ais go Caerdydd anois. An mbeidh an sneachta fós ann nuair a thagaim ar ais i gceann coicíse? Ní dóigh liom é. Tháinig an bháisteach ar an mbealach go Ros Láir.

Muileann an tSáile tSneachta

Súil siar ar mo theachsa

Tigín mo mhamó

Guinness Extra Extra Cold lasmuigh den local











1.12.10

An Geimhreadh i gCymru


Príomh-halla na hollscoile agus an ghrian ag dul faoi.


Na cnoic gar don chathair.

29.11.10

Fáilte go Facebook

D'iarr Dennis orm cur síos a dhéanamh ar Facebook dó, toisc nach bhfuil taithí ar bith aige ar an suíomh sin (in ainm Dé, a Dennis, cá raibh tú le 6 bliana anuas?!) Muna bhfuil tú i do bhall don "suíomh gréasánaithe soisialta" sin, tá sé deacair a phróiséis soisialta a shamhlú. Mar atá ráite ar mo phróifíl - focal deas Facebook ansin - tá suim agam i "bpobail" an idirlín, so, ní fhéadfainn le hiarratas Dennis a dhiúltú. Ní haon saineolaí mé féin ar an ábhar (dála an scéal, tá mac léinn in Ollscoil Luimní ag scríobh PhD faoi), ach seo liom ar aon chuí...




De réir mar a fheicimse, tá trí bhealach ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga idirghníomhach ar Facebook - le do "chairde", le "grúpaí" agus mar aistritheoir. Úsáidim an téarma "teanga idirghníomhach" anseo le cur in iúl daoibh go mbíonn léamh agus scríobh ar siúl.






Cairde
'Sé an áit is coitianta teagmháil le daoine ar Facebook ná i do ghréasán pearsanta féin. Bíonn liosta "cairde" ag gach duine. Ní mór duit bheith glactha mar chara ag duine éigin sula bhféadann tú a phróifíl iomlán a fheiceáil, griangrafanna a roinnt leis agus a theachtaireachtaí poiblí a léamh. Tá thart fá 150 cara agamsa faoi láthair, mar shampla, ach bíonn i bhfad níos mó ag daoine eile. Scríobhtar ar "bhallaí" daoine, 'sé sin an cuid poiblí den suíomh pearsanta, nó i "dteachtaireachtaí príobháideacha" nach bhfuil le feiscint ach amháin ag an seoltóir agus na seolaithe. Ba chóir go mbeadh aithne agat ar gach duine i do ghréasán pearsanta cheana féin, so dá bhrí sin níl ann ach modh eile dul i dteagmháil leo. Déantar tagairt sna teachtaireachtaí faoin saol mór agus go hiondúil úsáidtear an béarlagair céanna is a n-úsáidtear nuair a bhuailtear le chéile go pearsanta. Teachtaireachtaí gairide faoi ghnáth-imeachtaí an tsaoil a bhíonn á phlé ann den chuid is mó. Úsáidtear scríbhneoireacht neamhfhoirmeálta go minic, ag braith ar an duine, le hacrainneacha, gearr-litriúcháin, straoiseoga, srl. Athraítear an "stádas" go minic. Is cineál smaoineamh an lae é an "stádas" a bhíonn le léamh ag cách ar bharr do leathanaigh. Go minic ní bhíonn ann ach cur síos gairid ar mhionshonraí an tsaoil. Is féidir "clib" a chur ar duine i ngriangraf chun iad a athnú agus a chur ar an eolas faoi. Úsáidtear "Comhrá" freisin chun caint le cairde atá ar-líne, is cineál Instant Messenger é. Ó thaobh na teanga de, úsáidtear an teanga céanna is a n-úsáidtear sa ghnáth-shaol. Má's Gaeilge a labhraítear le chéile "as líne", is dócha gurb í an Ghaeilge den chuid is mó a bheidh á scríobh ag daoine "ar líne".




"Is maith liom"
Chomh maith leis an ngréasán cairde, is féidir eagraíochtaí, clubanna, comhlachtaí áirithe agus grúpaí Facebook a leanúint ag braith ar do shuimeanna agus chaitheamh aimsire féin. Léirítear an liosta suimeanna sin faoin teideal "Is maith liom" ar phríomhleathanach an duine. Cabhraíonn sé le daoine eolas a fháil ó eagraíochtaí, srl., faoi eachtraí nó cruinnithe atá le teacht. Is féidir teachtaireachtaí daoine eile, taobh amuigh dod' chairde, a léamh ar na suíomhanna "Is maith liom" agus b'fhéidir dul i dteagmháil leo nó fiú cuireadh chun cairdeas a sheoladh chucu. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sé sin rómhinic, áfach! Tá dhá eagraíocht Gaeilge ar mo liosta "Is maith liom": Conradh na Gaeilge, agus Macallaí. Faighim fógraí faoi imeachtaí uathu go minic, agus is bealach éasca é dul i dteagmháil leo freisin.


Aistritheoirí
Tá pobal an-suimiúil d'aistritheoirí Gaeilge ar Facebook, chomh maith. Gnáth-bhaill iad, a dhéanann aistriúcháin ar théarmaíocht an suímh. Tá 27 aistritheoir "gníomhach" ag obair air faoi láthair, le breis is 48,500 focail aistrithe acu go dtí seo - sin 77% de théarmaíocht Facebook cheana féin. Is féidir le gach ball den suíomh bheith páirteach ann. Cuireann Facebook phrásaí Béarla os comhair an pobal aistritheoirí (mar shampla, tá siad ag fanacht ar an gceann seo faoi láthair: "Sorry, but your download generation failed"), déantar moltaí orthu agus cruthaíonn Facebook liosta de na moltaí sin le go gcaithfidh baill eile vótaí ar son an aistriúcháin is fearr. Mar sin, braitheann sé go huile is go hiomlán ar na leagain tearmaíochta a thaitníonn leis na baill. Ar ndóigh, is bealach fíor-shuimiúil corpas focal a aistriú, gan pingin airgid a chaitheamh air. Bronntar gradaim agus boinn fíoriúla ar na haistritheoirí is fearr. Tá clár plé ann freisin, ach ní bhíonn mórán teagmháil air. Teachtaireachtaí dátheangacha faoi aistriúcháin áirithe a bhíonn á phlé ann den chuid is mó.


Bhuel, sin é m'anailís simplí faoi. Ar a laghad thug sé sos dom ón ngéarchéim eacnamaíochta :(


An bhfuil do dhóthain eolais ansin agat, a Dennis?

22.11.10

checktheregister.ie

Faoi dheireadh thiar thall is cosúil go mbeidh seans againn fáil réidh leis an rialtas.

Cibé tuairim atá agat futhu, bí cinnte go bhfuil d'ainm ar an gclár toghcháin.