22.11.10

checktheregister.ie

Faoi dheireadh thiar thall is cosúil go mbeidh seans againn fáil réidh leis an rialtas.

Cibé tuairim atá agat futhu, bí cinnte go bhfuil d'ainm ar an gclár toghcháin.

16 comments:

  1. Ach tá sé ró-dheireanach!

    Cinnte is féidir linn sult a bhaint as an díoltas blasta.
    Ach níl cumhacht ag an Dáil a thuilleadh. Cad is fiú athrú rialtais mar sin?

    ReplyDelete
  2. Cad is fiú é? Tá 15 billiún le baint ón Stát roimh 2014. Ní mór dúinn an nasc idir an rialtas agus sean-chronies na mbanc a scrios, agus glúin nua comhairleoirí eacnamaíochta agus pleanála a chur i bhfeidhm. B'fhearr liomsa go mbeadh daoine ciallmhara, ceannasacha, cumasacha i gceannas ar an bpróiséas sin.

    ReplyDelete
  3. Tagaim leat, ach cá bhfuil na ridirí bána seo a bhfuil tú ag labhairt fúthu?

    Níl sé i gceist ag an dá phríomhpháirtí sa bhfreasúra cur as don ghaol idir an rialtas agus na bainc. Níl sé i gceist acu stop a chur leis an gceartúchán den €15b.

    Tá an IMF/AE i gceannas anois maidir le cad is féidir nó nach féidir linn a dhéanamh.

    ReplyDelete
  4. Tá ceist O.T. agam ort, a John. An mbeifeá sásta blagmhír nó dhó a scríobh ar an ábhar a luaigh tú thuas ar dheis, mar atá

    conas pobail a chruthú ar an idirlíon ?

    An féidir leat an comparáid a dhéanamh idir Facebook agus Blogspot, mar shampla? Níl mé i mo bhall de Facebook.

    ReplyDelete
  5. @ Dubhaltach: caithfimid fanacht ar na ridirí bána a Dhubhaltaigh. Tá súil agam go mbeidh go leor aghaidheanna úra ar an bpáipéar ballóide. Tá sé in am do ghlúin nua pholaiteoirí. Ach muna dtagann siad, ar a laghad beidh ar na hiarrthóirí éisteacht le gráin na ndaoine ag na doirse. Is féidir bheith diúltach faoin gcóras ar fad, agus tuigim do chás. Ach táim ag súil go mbeidh feachtas toghcháin bríomhar againn go luath.

    ReplyDelete
  6. @ Dennis: Déanfaidh mé iarracht. Nílim fós cinnte céard go díreach atá ar siúl agam dom' PhD. Tá pobal suimiúl ar Facebook do lucht na n-aisteoirí Gaeilge. Tuigim go bhfuil mac léinn i UL i mbun taighde ar sin. Ach scríobhfaidh mé píosa faoi duit.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat! Beidh mé ag fanacht leat len é seo a shoiléiriú dom.

    ReplyDelete
  8. "Tá súil agam go mbeidh go leor aghaidheanna úra ar an bpáipéar ballóide"

    Ní bheidh. Sean-aghaidheanna a bhformhór. Agus fiú dá mbeadh aghaidheanna úra neamhspleácha le feiceáil anseo is ansiúd ní féidir leo tionchar a imirt ar an Dáil.
    Tá cumhacht láraithe neamhdíreach ann, agus bheadh sé ar na haghaidheanna úra seo freastail ar lucht na Potholes seachas cúrsaí níos tromchúisí.

    Agus fiú dá mbeadh tionchar ach ar an Dáil tá an cumhacht eacnamaíochta i láimhe an IMF/AE.

    ReplyDelete
  9. Bhuel, fanfaidh mé dóchasach faoi, a Dhubhaltaigh. Níor mhaith liom bheith diúltach.

    Fiú, má tá cumhacht eacnamaíochta i láimhe an IMF/AE, beidh ar an rialtas go leor leor cinní a dhéanamh faoin ngearradh siar. Agus taobh amuigh de chúrsaí eacnamaíochta, tá súil agam go dtiocfaidh athruithe móra ar an mbealach ina riartar an stát. Brathaim go bhfuil suim ag daoine an sean-pholaitíocht a scrios. Ach ní tharlóidh sé sin muna n-éilítear é.

    ReplyDelete
  10. "Ach ní tharlóidh sé sin muna n-éilítear é."

    Gan amhras.

    ReplyDelete
  11. 'Bhuel, fanfaidh mé dóchasach faoi, a Dhubhaltaigh. Níor mhaith liom bheith diúltach.'

    Tagaim leat, a John.

    ReplyDelete
  12. Tá áthas orm go bhfuil sibh dóchasach. Go háirithe faoi athrú dearfach ag teacht as aon olltoghchán ina mbeidh ceangal na gcúig gcaol ar aon rialtas nua, nó faoi na ridirí bána le teacht chun muid a shábháil!

    Feictear domsa, uaireanta, go spreagann dóchas gan fáth patuaire, agus uaireanta eile is féidir le héadóchas gníomh a spreagadh agus feabhsú.
    Is muidne féin "na ridirí bána", ní eacnamaí éigin nó fear gnó saibhir..

    Samhlaím "dóchas" mar fáth a lig na hÉireannaigh na milliúin dá gcomh-shaoránaigh bás a fháil ó ocras le linn an Ghorta Mhóir!
    Tá "dóchas" amhail leithscéal gan gníomh a dhéanamh.

    ReplyDelete
  13. "Is muidne féin "na ridirí bána", ní eacnamaí éigin nó fear gnó saibhir.."

    Is ráiteas dóchasach, dearfach é sin!

    Aontaím le Fintan O'Toole: ‎"Before an election, a civic movement has to create a critical mass around the idea of radical political reform"

    ReplyDelete
  14. "Is ráiteas dóchasach, dearfach é sin!"

    Cinnte!
    Bheinn an-dóchasach agus dearfach faoi aon chur le chéile de mhuintir na tíre. Ach ní bheadh puinn dóchais orm go ndéanfadh athrú rialtais puinn difríochta do bhail na tíre.

    ReplyDelete
  15. Nach gcreideann tú gur féidir le muintir na tíre brú a chur ar na hiarrthóirí le linn a bhfeachtais toghcháin an córas polaitíochta a athrú? Táim ag súil le díospóireacht mór faoi aimsir an olltoghcháin. Beidh muid in ann ár bhfearg a thaispeáint go soiléir dóibh. Agus fáil réidh leo siúd nach ritheann leis. Sin é an chéad chéim, i mo thuairimse...

    ReplyDelete
  16. Chuala mé aréir ar an Late Debate go bhfuil aontas nua idir pháirtithe beaga an eite chlé. Tá siad ag súil go dtoghfar 20 dá bhaill. Ar chuala tú aon rud faoi sin?

    ReplyDelete