29.11.10

Fáilte go Facebook

D'iarr Dennis orm cur síos a dhéanamh ar Facebook dó, toisc nach bhfuil taithí ar bith aige ar an suíomh sin (in ainm Dé, a Dennis, cá raibh tú le 6 bliana anuas?!) Muna bhfuil tú i do bhall don "suíomh gréasánaithe soisialta" sin, tá sé deacair a phróiséis soisialta a shamhlú. Mar atá ráite ar mo phróifíl - focal deas Facebook ansin - tá suim agam i "bpobail" an idirlín, so, ní fhéadfainn le hiarratas Dennis a dhiúltú. Ní haon saineolaí mé féin ar an ábhar (dála an scéal, tá mac léinn in Ollscoil Luimní ag scríobh PhD faoi), ach seo liom ar aon chuí...




De réir mar a fheicimse, tá trí bhealach ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga idirghníomhach ar Facebook - le do "chairde", le "grúpaí" agus mar aistritheoir. Úsáidim an téarma "teanga idirghníomhach" anseo le cur in iúl daoibh go mbíonn léamh agus scríobh ar siúl.






Cairde
'Sé an áit is coitianta teagmháil le daoine ar Facebook ná i do ghréasán pearsanta féin. Bíonn liosta "cairde" ag gach duine. Ní mór duit bheith glactha mar chara ag duine éigin sula bhféadann tú a phróifíl iomlán a fheiceáil, griangrafanna a roinnt leis agus a theachtaireachtaí poiblí a léamh. Tá thart fá 150 cara agamsa faoi láthair, mar shampla, ach bíonn i bhfad níos mó ag daoine eile. Scríobhtar ar "bhallaí" daoine, 'sé sin an cuid poiblí den suíomh pearsanta, nó i "dteachtaireachtaí príobháideacha" nach bhfuil le feiscint ach amháin ag an seoltóir agus na seolaithe. Ba chóir go mbeadh aithne agat ar gach duine i do ghréasán pearsanta cheana féin, so dá bhrí sin níl ann ach modh eile dul i dteagmháil leo. Déantar tagairt sna teachtaireachtaí faoin saol mór agus go hiondúil úsáidtear an béarlagair céanna is a n-úsáidtear nuair a bhuailtear le chéile go pearsanta. Teachtaireachtaí gairide faoi ghnáth-imeachtaí an tsaoil a bhíonn á phlé ann den chuid is mó. Úsáidtear scríbhneoireacht neamhfhoirmeálta go minic, ag braith ar an duine, le hacrainneacha, gearr-litriúcháin, straoiseoga, srl. Athraítear an "stádas" go minic. Is cineál smaoineamh an lae é an "stádas" a bhíonn le léamh ag cách ar bharr do leathanaigh. Go minic ní bhíonn ann ach cur síos gairid ar mhionshonraí an tsaoil. Is féidir "clib" a chur ar duine i ngriangraf chun iad a athnú agus a chur ar an eolas faoi. Úsáidtear "Comhrá" freisin chun caint le cairde atá ar-líne, is cineál Instant Messenger é. Ó thaobh na teanga de, úsáidtear an teanga céanna is a n-úsáidtear sa ghnáth-shaol. Má's Gaeilge a labhraítear le chéile "as líne", is dócha gurb í an Ghaeilge den chuid is mó a bheidh á scríobh ag daoine "ar líne".




"Is maith liom"
Chomh maith leis an ngréasán cairde, is féidir eagraíochtaí, clubanna, comhlachtaí áirithe agus grúpaí Facebook a leanúint ag braith ar do shuimeanna agus chaitheamh aimsire féin. Léirítear an liosta suimeanna sin faoin teideal "Is maith liom" ar phríomhleathanach an duine. Cabhraíonn sé le daoine eolas a fháil ó eagraíochtaí, srl., faoi eachtraí nó cruinnithe atá le teacht. Is féidir teachtaireachtaí daoine eile, taobh amuigh dod' chairde, a léamh ar na suíomhanna "Is maith liom" agus b'fhéidir dul i dteagmháil leo nó fiú cuireadh chun cairdeas a sheoladh chucu. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sé sin rómhinic, áfach! Tá dhá eagraíocht Gaeilge ar mo liosta "Is maith liom": Conradh na Gaeilge, agus Macallaí. Faighim fógraí faoi imeachtaí uathu go minic, agus is bealach éasca é dul i dteagmháil leo freisin.


Aistritheoirí
Tá pobal an-suimiúil d'aistritheoirí Gaeilge ar Facebook, chomh maith. Gnáth-bhaill iad, a dhéanann aistriúcháin ar théarmaíocht an suímh. Tá 27 aistritheoir "gníomhach" ag obair air faoi láthair, le breis is 48,500 focail aistrithe acu go dtí seo - sin 77% de théarmaíocht Facebook cheana féin. Is féidir le gach ball den suíomh bheith páirteach ann. Cuireann Facebook phrásaí Béarla os comhair an pobal aistritheoirí (mar shampla, tá siad ag fanacht ar an gceann seo faoi láthair: "Sorry, but your download generation failed"), déantar moltaí orthu agus cruthaíonn Facebook liosta de na moltaí sin le go gcaithfidh baill eile vótaí ar son an aistriúcháin is fearr. Mar sin, braitheann sé go huile is go hiomlán ar na leagain tearmaíochta a thaitníonn leis na baill. Ar ndóigh, is bealach fíor-shuimiúil corpas focal a aistriú, gan pingin airgid a chaitheamh air. Bronntar gradaim agus boinn fíoriúla ar na haistritheoirí is fearr. Tá clár plé ann freisin, ach ní bhíonn mórán teagmháil air. Teachtaireachtaí dátheangacha faoi aistriúcháin áirithe a bhíonn á phlé ann den chuid is mó.


Bhuel, sin é m'anailís simplí faoi. Ar a laghad thug sé sos dom ón ngéarchéim eacnamaíochta :(


An bhfuil do dhóthain eolais ansin agat, a Dennis?

8 comments:

  1. Tá mé faoi chomaoin agat, John. Tá bonn fíorúil is fiche tuillte agat, agus céad míle straoiseog!

    ReplyDelete
  2. GRMMA!

    Rinne mé dearmad faoin "gComhrá", cineál Instant Messenger idir chairde é. Scríobhfaidh mé giota faoi thuas.

    D'iarr tú orm comparáid a dhéanamh idir Facebook agus Blogspot. Is dócha gur meascán de bhlag (sna teachtaireachtaí "stádais"), chlár phlé (sna "grúpaí agus i measc na n-aistritheoirí), albam grianghraf agus seomra comhrá é go bunúsach, dá bhrí sin tá sé deacair comparáid a dhéanamh le suíomhanna eile. Agus, toisc go bhfanann an cuid is mó de bhaill faoi cheilt an phríobháideachais tá sé deacair a rá conas a úsáidtear na bealaí éagsúla sin ó lá go lá.

    An mbeadh dúil agat bheith i do bhall? Sílim go mbainfeá sásaimh as an bpobal aistritheoirí. Má 'sea, seol cuireadh chun cairdeas chugam!

    ReplyDelete
  3. Bainim úsáid as mo chuntas féin ar Facebook, anois is arís, le go bhfeice mé an bhfuil aon cheo suimiúil le rá ag an dream istigh ann.

    Níl agam mar chairde ach daoine lena bhfuilim féin cairdiúil, mo mhuintir féin den chuid is mó. Ní ligim aon duine eile isteach ann, agus is fearr liom é mar sin.

    Tá sé i gceist agam, amach anseo, cuntas eile a bheith agam, ceann a bhaineann le mo bhlag, b'fhéidir, nach mbeadh príobháideach, agus d'fhéadfadh an ceann sin a bheith poiblí.

    Cá bhfaigheann daoine an t-am le haghaidh gach suíomh sóisialta? Tá an oiread sin acu ann!

    Is dóigh liom go roghnaíonn daoine na cinn is fearr leo, nó an meán is fearr leo, lena gcuid tuairimí, nó rámhaille, a roinnt...:-)

    ReplyDelete
  4. Smaoineamh iontach é sin, a Áine, cuntas poiblí a chruthú dod' bhlag. An bhfuil gradam don "Chuntas Facebook is Fearr" ag an Oireachtas?!!

    @ Cá bhfaigheann daoine an t-am...

    Le linn na hoibre! Duhhhh!

    ReplyDelete
  5. An mbeadh dúil agat bheith i do bhall?

    Níl a fhios agam an bhfuil an t-am agam chuige... nó an mbeadh sé ciallmhar spás a dhéanamh dó! Dá mbeadh comhrá deisbhéalach ar fáil ar Facebook i nGaeilge nach bhfuil le fáil ar na blaganna, bheadh orm dul ann is dócha. Ach níl a fhios agam an bhfuil.

    ReplyDelete
  6. Bhraithfeadh caighdeán na cainte ar do chairde is dócha. Níl aon chomhrá deisbhéalach le fáil ann go poiblí, sílim.

    ReplyDelete
  7. Táimse ar an eolas faoi Facebook anois freisin,
    GRMA!

    Níl fúm, áfach, dul ina bhun faoi láthair - ceal ama.

    ReplyDelete
  8. Táim anseo chun fianaise a thabhairt faoin méid a rinne an Dr James dom. Tá mé ag fulaingt ó ghalar (GENITAL HERPES VIRUS) le 4 bliana anuas agus bhí pian agus itching leanúnach agam, go háirithe i mo chuid phríobháideach. Le linn na chéad bhliana, bhí creideamh agam i nDia go leigheasfaí mé lá éigin. Thosaigh an galar seo ag scaipeadh timpeall mo choirp agus bhain mé úsáid as ola Oregano, ola cnó cócó, Acyclovir, Valacyclovir, Famciclovir, agus roinnt táirgí eile agus chabhraigh sé go mór le linn mo ráigeanna ach leigheas mé go hiomlán! ó mo HSV le leigheas luibhe láidir agus gníomhach a ordaíodh ó mheascán luibhe an Dr James agus throid sé an víreas go hiomlán ó mo néarchóras agus rinneadh tástáil dhiúltach orm tar éis 15 lá as leigheas luibhe an Dr James a úsáid. Táim anseo chun a chur in iúl duit go bhfuil leigheas iomlán ar an víreas herpes, fuair mé réidh le mianach le cabhair ó leigheas luibhe an Dr James. Tháinig mé ar fhianaise de Kasha, ar an idirlíon ag déanamh fianaise faoin Dr James, ar an gcaoi ar leigheas sé é ó 7 mbliana HSV 2. Agus thug sé seoladh ríomhphoist an fhir seo freisin ... [drjamesherbalmix@gmail.com] ... , ag tabhairt comhairle d’aon duine teagmháil a dhéanamh leis chun cabhair a fháil maidir le galair de chineál ar bith a mbeadh sé ina chabhair dóibh, agus mar sin chuir mé ríomhphost chuige ag insint dó faoi mo chuid (HSV 2) a dúirt sé liom gan a bheith buartha go mbeidh mé ag leigheas! Bhuel, ní raibh amhras orm riamh air. Tá creideamh agam gur féidir leis mise a leigheas freisin, d’ullmhaigh agus chuir an Dr James a chógas luibhe chugam as fréamhacha agus luibheanna a ghlac mé. Sa chéad seachtain amháin, thosaigh mé ag fulaingt athruithe ar fud orm, tar éis 15 lá d’ól mé a leigheas luibhe, leigheasadh mé go hiomlán. gan itching níos mó, pian orm níos mó mar a dhearbhaigh an Dr James dom. Tar éis roinnt ama chuaigh mé chuig mo dhochtúir chun tástáil eile a dhéanamh. tháinig an toradh diúltach. Mar sin, a chairde, is é mo chomhairle má tá an galar sin ort nó má tá aithne agat ar aon duine atá ag fulaingt uaidh nó aon ghalar eile cosúil leis na Scealla, HPV, HBV, VEID / SEIF, ALS, HBP, CANCER, VEID / SEIF NEPHROTIC SYNDROME, ailse herpes, Ailse Ovarian, Ailsí pancreatacha, ailse lamhnán, ailse lamhnán, ailse próstatach, Glaucoma., Cataracts, Díghiniúint macúlach, Galar cardashoithíoch, Uathachas, Galar scamhóg. Próstatach méadaithe, Oistéapóróis. Galar Alzheimer, psoriasis, Galair Tach, Lupus, Backache, néaltrú ailse ailse scamhóg, ailse craicinn, ailse craicinn agus ailse craicinn.testicular Cancer ,, LEUKEMIA, VIRUSES, HEPATITIS, INFERTILITY WOMEN. , srl. is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Dr James ar a .... [drjamesherbalmix@gamil.com] ... Is fear maith é, agus cuideoidh sé leat.

    ReplyDelete