Luaigh mé dán a chuaigh go mór i bhfeidhm orm le déanaí ag ócáid litríochta a reachtáladh san ollscoil do Lá Eorpach na dTeangacha. Dán Sualainnise a bhí ann, le file darbh ainm Edith Södergran (1892-1923), nach raibh ach 31 nuair a fuair sí bás de dheasca tuberculosis. Gheall mé daoibh an lá sin go ndéanfainn iarracht an dán a aistriú go Gaeilge (cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith), agus mar sin, seo daoibh é.
Sílim go bhfuil na focail an-oiriúnach don lá atá inniu ann, le hagóidí ar siúl ó Wall St go hAthens. Níl meadaracht daingean ar an mbundán, agus de réir mar a chuimním léamh an dáin ón oíche sin níl mórán ríme ann ach oiread. Rinne mé fhéin iarracht rím a chur ann, áfach. Dála an scéil, cé gur léadh leagan Béarla don dán san ollscoil, níl sé le fáil ar an idirlíon, agus táim ag brath ar
Google Translate chun sainbhrí an dáin a thuiscint. Bheinn buíoch díbh dá ndéanfaidís coigeartú ar bhotúin san aistriúchán. Táim cinnte go bhfuil siad ann.
Ná Bailigh Ór ná Seoda
A chara,
Ná bailigh ór ná seoda.
Líon do chroí le mianta
ar nós tine te móna.
Goid rúibíní ó shúile na n-aingeal,
Slog siar uisce an diabhail, le meangadh.
A chara, ná híoc puinn cánach,
carn mór airgid ar son na n-uaisle,
Beidh tú go deo id' spailpín fánach
is lucht an rachmais riamh in uachtar.
Cothaigh do leanaí le háilleacht, le haoibhneas, le maitheas,
Beathaigh do leanaí le fórsa a bhrisfeadh geataí na bhflaitheas.
Samlen Icke Guld och Ädelstenar
Människor,
samlen icke guld och ädelstenar:
fyllen edra hjärtan med längtan,
som bränner likt glödande kol.
Stjälen rubiner ur änglarnas blick,
dricken kallt vatten ur djävulens pöl.
Människor, samlen icke skatter
som göra er till tiggare;
samlen rikedomar
som giva er konungamakt.
Skänken edra barn en skönhet
den människoögon ej sett,
skänken edra barn en kraft
att bryta himlens portar upp.