11.9.11

9/11 +10


Inniu, ar lá cothrom deich mbliana 9/11, tá an domhan ag cuimhneamh siar ar an lá tragóideach sin agus tionchar na n-eachtraí úd a thomhais. Cosúil le gach duine eile, ar ndóigh, tá scéal agam féin faoin lá.

Do bhíos i Nua Eabhrac an lá roimhe - 9/10 - th'éis saoire seachtaine a chaitheamh ar Mhanhattan. Is cuimhin liom go soiléir an t-oileán a fhágáil an oíche sin, an ghrian ag dul faoi agus muid ag tiomáint ó thuaidh.  Thugas sracfhéachaint siar ar spéirlíne liath na cathrach, agus chuimnigh mé go ciúin ar na mílte Éireannach a thuirling ann thar na blianta agus a fháiltíodh ann, saol nua á chruthú acu. Ghabh mé buíochas leis an gcathair roimh chasadh ar ais i dtreo Cheanada.

I Montréal an mhaidin dár gcionn, fuair mé téacs ó chara sa mbaile: Are ye back in Canada? Safer out of NYC methinks. Ní raibh clú againn céard a bhí á rá aige, ach nuair a d'iarr muid ar bhean a bhí amuigh ag scuabadh na sráide, mhínigh sí dúinn, as Fraincís, gur tharla 'timpiste' ann ar maidin. Ar aghaidh linn go caifé, ina bhfuair muid teilifís ann, agus leis na milliúin eile thar timpeall na cruinne, bhíomar sáinní os a chomhair an mhaidin ar fad. Ag stánadh, ár mbéala ar leathadh, ar na foirgnimh sin a bhí mar chúlra againn dhá lá roimhe agus muid ar phicnic i mBattery Park.

Níor thuig muid céard a bhí ar siúl, ar ndóigh. Níor thuig éinne. Is cuimhin liom níos déanaí sa lá, cuairt a thabhairt ar pháirc Oilimpeach Mhontréal, a bhí dúnta, ar eagla go n-ionsófaí é. Bhí an domhan ar bís, briste, leochaileach. Tháinig dhá pháipéar speisialta, saor in aisce, amach an tráthnóna sin, ceann as Béarla, ceann eile as Fraincís, le hanailís ar na heachtraí. Léigh muid an t-ainm sin 'Al-Qaeda' don chéad uair, a bheadh go mór i mbéala agus meonta an phobail as sin amach.

Cuimhním inniu ar na mílte a chailleadh an lá sin, i gcathair na dtúr. Cuimhním ar oibrithe an Phentagon. Ar phaisinéirí United 93. Cuimhním ar na mílte mílte atá maraithe ó shin i bhfad i gcéin in ainm Chogadh na Sceimhlitheoireachta. Ar dheis Dé go raibh a n-anamnacha go léir.

2 comments: