22.9.11

Bia is Bóthar


Anois, agus é in am dom filleadh ar Chaerdydd, beidh mé ar ais ar an bpasta agus stir-fry go luath, faraor. Ag súil go mór le fáil isteach ar shaol na cathrach agus na hollscoile arís. Go háirithe roimh an gcluiche mór atá le theacht – bhuel, tá súil agam go bhfuil sé le theacht – idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag sa rugbaí (b’fhéidir nach n-aontódh muintir na hIodáile ná an Samoa leis an ndúil sin). Ach aireoidh mé uaim béilí breátha an bhaile, agus saibhreas na talún agus na farraige á roinnt linn anseo. Le coicís anuas fuaireamar dhá lacha fiáin, coinín óg, mála diúilicíní, babhla muisiriún fiáine agus dhá mhilléad liath (sa phictiúr thuas), ó chomharsana éagsúla, saor in aisce agus gafa nó pioctha sa pharóiste. Anois, ní haon chef mise… ach mothaím ar nós iomaitheora ar Masterchef Ireland agus na comhábhair ar fad seo ag fanacht orm sa chistin gach tráthnóna. So, seo daoibh m’oideas ar chonas stobhach coinín a chócaráil. Níor scríobh mé oideas riamh ar an mblag seo, agus ní dóigh liom go mbeidh béile chomh blasta le cócaráil agam ar feadh tamaill eile ;)

Th’éis an craiceann a bhaint ón gcoinín d’fhág mé an corp i mbabhla uisce agus salann thar oíche (nod a d’fhoghlaim mé ó YouTube) chun an searbhús a bhaint ón bhfeoil. Sea, ní féidir brath ar gach rud ar an idirlíon (an t-oideas seo ina measc, b’fhéidir!) ach bhí blas deas ar an bhfeoil ina dhiaidh, mar sin, molaim an nod sin freisin. Ghearr mé an corp ina cheithre cuid agus chuir mé á fhriocadh in im go dtí go raibh an feoil go deas donn. Ag an am céanna bhí oinniúin á bhogadh sa phota agam. Isteach sa phota leis an gcoinín, trí pionta stoic nó mar sin, trí duilleog labhrais, píobar agus salann, ar bhruith ar feadh uair go leith. Ansin, isteach le trí cairéad ar feadh leathuair eile. Rinne mé roux sciobtha chun an t-anlann a dhéanamh níos tiubhe, agus voilà bhí an stobhach réidh le n-ithe. Th’éis an oiread sin ama sa phota bhí an feoil ag titim ón gcnámh agus deas bog blasta sa bhéal. 


Caithim a admháil nach bhfuil cuma ró-bhlasta air sa phictiúr seo! Ach breathnaigh ar mo dhiúilicíní ;) An bhfaca tú aon rud chomh mealltach sin riamh?!


4 comments:

  1. Is fíor duit faoi na diúilicíní! Cuireann an grianghraf seo uisce le m'fhiacla. “Miam miam,” mar a deir na Francaigh.

    ReplyDelete
  2. Tá cuma níos deise ar na diúilicíní ceart go leor; ach táim cinnte go raibh an stobhach blasta freisin.

    maith an rud go bhfuil lón de chineál éigin ite agam...

    ReplyDelete
  3. An coinín bocht, agus na diúilicíní bochta..:-(

    Ach, d'ólfainn an fíon..:-)

    ReplyDelete
  4. Tuigim anois gurb é an gloine fíona a tharraing bhur n-aird!

    @ an coinín bocht - tá an ceart agat a Áine. Bhí trua agam don leaid bocht. Ach, ar a laghad, bhí saol deas (gairid) aige.

    ReplyDelete