30.9.11

Iníon Chambon

Chonaic mé scannán den chéad-scoth anocht, ceann Fraincis dár teideal Mademoiselle Chambon.
Cáintear scannáin Eorpacha go minic maidir lena scéalta malla, easpa comhrá agus an iomarca radharcanna fada. Agus bhí sé uilig ann sa scannán seo. Scéal bunúsach simplí faoin ngrá laethúil, an dílseacht agus mion-bhuanna is theipeanna an tsaoil. É sin agus fuaimriain álainn clasaiceach. D'ardaigh sé mo chroí.

Ba bheag nár chonaic muid The Inbetweeners. Buíochas le Dia, críochnaíodh a chraoladh an tseachtain seo caite!

2 comments:

  1. Tá brón orm ach ... tá mé ag méanfach cheana féin. Ach tá mé cinnte go raibh sé an-deas mar scannán, má deir tú é.

    madEmoiselle

    ReplyDelete
  2. Ah, a Dennis. Ní féidir buamaí, tornádónna agus ollphéisteanna radaighníomhacha a chur i ngach scannán.

    Tá mo mhadamoiselle ceartaithe agam.
    Cogar, bí cinnte mo bhotúin Gaeilge a thaispeáint dom chomh maith. Má tá an t-am saor agat!

    ReplyDelete