Táim ag baint sult as Sean-Chaint na nDéise faoi láthair, bailiúchán frásaí ó ghnáthchaint na ndaoine sa cheantar a foilsíodh i 1944 leis an Athair Mícheál Ó Síocháin (nó Most Rev. Michael Sheehan fé mar atá ar an leabhar).
Thaitin an sampla seo go mór liom, ag cur síos ar úsáid an réamhfhocail 'chun', a chuir ag scairteadh gáire mé.
"Do ghuigh an ministéir chun aimsir bhreágh do dh'fháilt, agus is dócha go b'é sin is cionntach leis a bhfearthainn."
Ní fios dom an é an tAthair Ó Síocháin é féin atá i gceist ;)
DAS, tá cur síos ar shaol an údair le fáil anseo.
k. 344 Slíbhíní ar son Trump
19 hours ago

Caolseans. Tagraíonn ministéir do Eaglais Protastúnach. Slais seicteach eile, mar is gnách!
ReplyDeleteCrá ort a Dhoiminic Uí Dhónaill
Nach mairg a riamh a chonaic thú
Bhí tú i do shagart Dé Domhnaigh,
agus maidin Dé Luain i do mhinistir (Fill, fill a rún ó)