Tá an radharc is fearr do chathair Bhaile Átha Cliath (i mo thuairimse) le fáil ón gclinic deonaithe fola - Teach na bPeileacán - ar shráideanna Westmoreland agus D'Olier i lár na cathrach. Bhíos ann le déanaí, tráthnóna Aoine, nuair a bhí an clinic ciúin go leor, agus chaith mé roinnt ama ag glacadh griangrafanna... i ndiaidh dom deonú, ar ndóigh.
 |
| Ní úfónna iad sin sa spéir, ach salachar ar an bhfuinneog. |
Má's féidir leat cur suas leis na ceisteanna sláinte pearsanta, atá i bhfad níos pianmhaire ná an deonú é féin (!), is fiú go mór an turas. Gheobhaidh tú ceapaire, cupán tae, agus radharc den scoth ar bharr na cathrach... agus ar ndóigh dea-mhothúchán an altrúchais... leis.
An méad sin ráite, gheobhaidh tú an radharc céanna, beagnach beo, ó webcam ar an suíomh
seo, gan braon ar bith a roinnt!
De réir dealraimh, tá clú ar an radharc seo le tamaill fada anuas i measc na bhfoilsitheoirí cartaí poist.