29.3.12

Captaen Scott

Scott agus a fhoireann
--- Oates, Bowers, Scott, Wilson, Evans ---

Ar an lá seo 100 bliain ó shin, cailleadh Captaen Scott agus a fhoireann ar chlár bán an Antartaigh. Bhí siad ar an mbealach ar ais ón bpol theas, áit ina bhfuair siad bratach na hIorrua a d'fhág Amundsen ann 5 seachtaine rompu. In ísle brí, i gcoinne na drochaimsire, gortaithe, gan fuinneamh, gan bia, agus gan ach 11 míle ón ndídean a bhí fágtha dóibh, cailleadh an cúigear fear sa bhfuacht.

Dealbh Scott i gcuan Chaerdydd,
leis an Eaglais Iorruach sa chúlra

Ba í Caerdydd an áit dheireanach sa Bhreatain ina raibh Scott. Sheol a long - an Terra Nova - amach ó chaladh Chaerdydd ar an 7 Meitheamh 1910. Tá dealbh den taisceálaí sa chuan sa lá atá inniu ann, in aice leis an Eaglais Iorruach agus an bratach céanna a bhí ag fanacht air i lár an Antartaigh.

Laistigh den Eaglais Iorruach - mar is iondúil d'eaglaisí
na dtíortha Lochlannacha tá long beag crochta ón síléar



5 comments:

  1. tá long beag crochta ón síléar

    Cuireann an long úd sean-scéilín Gaelach i gcuimhne dom, scéilín ar a dtugtar “A Ship Seen in the Air” i mBéarla. Tosaíonn sé mar seo:

    Lá n-áen robátar muintear Clúana a n-oireachtus for urrlár na cille. Amal bátor and for a ráithseachaibh co facatur an long fa seól úaistibh isinn aer, ocus sí ag siubhal amal beth foran fairgi.

    Chum Séamus Heaney dán air, a thosaíonn mar seo:

    The annals say: when the monks at Clonmacnoise
    Were all at prayers inside the oratory
    A ship appeared above them in the air.

    An bhfuil aithne agat air?

    ReplyDelete
  2. Mura bhfuil, tá an t-iomlán ar mo bhlag anseo.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil, go raibh maith agat, a John.

    @ tá long beag crochta ón síléar

    Tá bád crochta ón síléar sa labharlann anseo i mBun Cranncha, freisin. Tógfaidh mé grianghraf de, agus scríobhfaidh mé giota faoi - ceann de na laethanta seo!

    ReplyDelete
  4. An-dheas a Dennis. Ní raibh sé sin léite agam riamh. DAS, b'fhearr liom d'aistriúchán nua-Ghaeilge ná aistriúchán Heaney - ard-mholadh go deo! Tá an draíocht a bhaineann leis an líne sin: "Agus mar ba uisce dó is amhlaidh a bhí sé ag snámh gur shroich sé an t-ancaire" caillte sa leagan Béarla.

    @ Áine: ag súil leis sin a fheiscint. Bíonn dúil agam i do ghriangrafanna agus do scéilíní i gcónaí, ar ndóigh!

    ReplyDelete
  5. DAS... tuigim nach 'aistriúchán' é leagan Heaney - gur dán faoi leith é a chum sé... ach tuigfidh sibh céard atá á rá agam... is fearr liom draíocht an bhunleagain.

    ReplyDelete