28.5.11

An féidir ioraí a athchúrsáil?

Ní féidir.

Chonaic mé an t-iora dána seo san ollscoil inniu, ag léimt isteach is amach ón mbosca bruscair ag lorg a lóin.



Is cineál athchúrsála eile atá ar siúl aige, agus sean-cheapairí leath-ite na mac léinn á phróiseáil aige.



B'fhéidir gur chuir an focal Breatnaise ar bhruscar - "sbwriel" - mearbhall ar an leaid bocht. Tá sé an-ghar do "squirrel", nach bhfuil?!!

23.5.11

Anois teacht an Barack...


Anois teacht an Barack,
Beidh an t-aoi-leabhar á shíneadh,
Is tar éis na banríona,
Ardóimid ár nglór.

Go Muine Gall rachaidh,
Ní stopfaidh sé chóiche,
Go suífidh sé síos,
Is an leann dubh a ól.

20.5.11

Phiú!

Tá an bhanríon imithe, gan, ahem, mórán trioblóide.

Arbh fhiú an turas?

B'fhiú.

Phiú!

Nach fiú phiú fuaithi?! ;)

18.5.11

An tSean-Bhean Saibhir

Chuir an bhanríon tús lena hóráid stairiúil i gCaisleán Baile Átha Cliath anocht AS GAEILGE.

"A Uachtaráin agus a chairde", arsa Éilís, "Prince Philip and I are delighted to be here..."

Níl a fhios agam ar lean sí leis an nGaeilge, in Albainis Uladh, nó fiú i Shelta, mar thit mé i laige ar an bpointe.

Má tá suim agaibh sa chuid eile den óráid, seo daoibh é...

Caithfidh mé dul a luí anois :)

Banríon na Nuachtán

Bhí deighilt mhór idir thuairisceoireacht na mórbhileog agus na dtablóideach anseo ar chuairt na banríona inniu.


Deighilt idir mhórbhileoga (The Independent, The Times, The Guardian), a...

...thug tuairisciú leathan ar na hócáidí ar fad...
...chuir pictiúr don ócáid ar a bpríomleathanaigh...
...rinne cur síos dearfach ar an lá...
...thug léirmheas ar an gcomhthéacs stairiúil, mionshonraí siombalacha an lae agus an tábhacht a bhaineanns leo...
...thaispeáin an caidreamh cairdiúil idir an bhanríon agus an tUachtarán...
...rinne cur síos chomh maith ar na hagóidí agus a bpáirt sa scéal.


agus thablóidigh (The Sun, The Daily Express, The Daily Mail), a...

...chuir an scéal siar go leathanaigh 7, 8 nó 9...
...chuir an iomarca béime ar na hagóideoirí agus bagairtí...
...chuir béim ar sheasmhacht agus chrógacht na banríona in aghaidh na mbagairtí...
...thug léirmheas i bhfad níos díultaí ar an lá.

Chomh maith leis na haltanna ar fad, bhí trí chartún sna mórbhileoga.
Ceann amháin san Independent a bhí greannmhar...



...ceann eile sa Times a bhí deas simplí...



...agus ceann eile sa Guardian a bhí, bhuel, aisteach!

17.5.11

Fonn múisce/Cúis bhróid

Cloiste ó thuairisceoir an BBC ag an nGairdín Cuimhneacháin inniu:

"There are three taoisigh in attendance, representing the great and the good of Ireland".

Dia ár sábháil. Má's iadsan 'the great and the good' táimid i dtrioblóid.

Ní chuireann teacht na banríona isteach ná amach orm. Ach cuireann Bertie Ahern i ról an staraithe ar nuacht BBC fonn múisce orm fós.


I gcomparáid leis na Taoisigh, bhíos fíor-bhródúil as ár nUachtaráin, Máire Nic Giolla Íosa agus Máire Mhic Róibín - a threoirigh an bhanríon timpeall Ollscoil na Trionóide inniu. Profaisiúnta, cairdiúil, maorga. Níos ríoga, an bheirt acu, ná rí nó banríon ar domhan.


14.5.11

Is grá liom an Bhealarúis

D'fhoghlaim mé e-mothúchán nua inné, an siombail - <3 - a bhíonn le feiceáil go mion minic faoi fhíseáin YouTube, ag tabhairt tacaíochta d'amhránaí nó aisteoir áirithe. Daoibhse atá chomh dúr liomsa faoi chúrsaí idirlíne, is croí é, ar a thaobh, agus mar sin is comhartha grá é. Ahhhh, feicim anois é.

Mar is eol daoibh, ba <3 liomsa amhrán na hEoraifíse ón mBeilearúis - "I Love Belarus".

Faraor, is cosúil nár <3 le héinne eile é, agus theip leo áit a bhaint amach sa cheannais. Táim <3 bhriste.

Ar a laghad beidh Jedward ann.

Ní haon saineolaí mé faoi chúrsaí Eoraifíse, ach nach bhfuil caighdeán na n-amhrán lag i mbliana?