23.5.11

Anois teacht an Barack...


Anois teacht an Barack,
Beidh an t-aoi-leabhar á shíneadh,
Is tar éis na banríona,
Ardóimid ár nglór.

Go Muine Gall rachaidh,
Ní stopfaidh sé chóiche,
Go suífidh sé síos,
Is an leann dubh a ól.

10 comments:

  1. Ní chluinnfidh muid a dheireadh go nólann sé braon!

    ReplyDelete
  2. Táim ag filleadh ar an seanfhód mé féin inniu. Beidh mé ag súil leis an gcairpéad dearg i gcalafort Ros Láir.

    ReplyDelete
  3. Tá súil agam go bhfuil goile mhaith mara agat.

    ReplyDelete
  4. Hmmmm, feicfidh mé inniu :-L

    ReplyDelete
  5. An-deas! Ach céard atá i Muine Gall?

    ReplyDelete
  6. Deirtear gurbh as a tháinig a shinsear Falmouth Kearney

    Gaolta leis fós ann, más fíor.

    ReplyDelete
  7. "Ach céard atá i Muine Gall?"

    Tá páirc iomána, mar shampla, i Muine Gall atá suite ar imeall an bhaile ar an taobh thall den teorainn i gContae Thiobraid Árann. Ar an ábhar sin, imríonn na foirne as Muine Gall sna comórtais iomána i dTiobrad Árann. Má tá cur amach agat ar dhílseachtaí na gcontaethe in Éireann, beidh a fhios agat nach rud beag é sin!

    Agus, leoga, bhuaigh siad an chraobh dhá uair!

    ReplyDelete
  8. Thar barr, a John - maith thú!

    Slán abhaile!

    ReplyDelete
  9. "Céard atá i Muine Gall?"

    Cá raibh tú le 6 mhí anuas, a Dennis?!

    B'fhiú duit "Moneygall" a Googleáil.

    ReplyDelete