14.5.11

Is grá liom an Bhealarúis

D'fhoghlaim mé e-mothúchán nua inné, an siombail - <3 - a bhíonn le feiceáil go mion minic faoi fhíseáin YouTube, ag tabhairt tacaíochta d'amhránaí nó aisteoir áirithe. Daoibhse atá chomh dúr liomsa faoi chúrsaí idirlíne, is croí é, ar a thaobh, agus mar sin is comhartha grá é. Ahhhh, feicim anois é.

Mar is eol daoibh, ba <3 liomsa amhrán na hEoraifíse ón mBeilearúis - "I Love Belarus".

Faraor, is cosúil nár <3 le héinne eile é, agus theip leo áit a bhaint amach sa cheannais. Táim <3 bhriste.

Ar a laghad beidh Jedward ann.

Ní haon saineolaí mé faoi chúrsaí Eoraifíse, ach nach bhfuil caighdeán na n-amhrán lag i mbliana?

3 comments:

  1. Caith do vóta anocht do Jedward!

    ReplyDelete
  2. GRMA, a <3! Ní raibh mé ar an eolas faoin gcomhartha sin...:-)

    Níl cead againn vóta a chaitheamh do Jedward anocht, faraor, ach tá siad iontach - i mo thuairim.

    @ nach bhfuil caighdeán na n-amhrán lag i mbliana?

    Ní aontaím, a John - is maith liom go leor acu i mbliana, rud nach dtarlaíonn go minic. Ach, sin mise!

    ReplyDelete
  3. Ó vótáil mé ar a son, cúpla uair. Bhí cluiche óil againn i rith an vótála inar ól muid gach uair a bhfuair Jedward pointí. Táim fós ag fulaingt 8-|

    ReplyDelete