28.5.11

An féidir ioraí a athchúrsáil?

Ní féidir.

Chonaic mé an t-iora dána seo san ollscoil inniu, ag léimt isteach is amach ón mbosca bruscair ag lorg a lóin.



Is cineál athchúrsála eile atá ar siúl aige, agus sean-cheapairí leath-ite na mac léinn á phróiseáil aige.



B'fhéidir gur chuir an focal Breatnaise ar bhruscar - "sbwriel" - mearbhall ar an leaid bocht. Tá sé an-ghar do "squirrel", nach bhfuil?!!

5 comments:

  1. Chonaic mé fhéin iora ghlas (marbh) i lár Dún Laoghaire seachtain ó shin. Meas tú an bhfuil siad ag éirí uirbeach?

    ReplyDelete
  2. Tá, cinnte. Cuireann sé iontas orm i gcónaí cé chomh mí-chúthaileach is a bhíonn ioraí, colúir agus préacháin na cathrach.

    ReplyDelete
  3. Tá an cleas céanna acu ar champas na hOllscoile i Seattle. (Tá siad thar a bheith uirbeach i Meiriceá. Is ag na hioraí atá an "day shift" agus ag na francaigh atá an "night shift" anseo.*) Stop mé uair amháin le breathnú ar cheann acu. Shíl sé go raibh rud éigin agam dó agus is beag nár rith sé suas mo chos le fáil amach céard a bhí i mo láimh!

    * Nílim ar ais i Meiriceá fós, ach ní hé Páras a bhí ar intinn agam nuair a scríobh mé "anseo".

    ReplyDelete
  4. Bhuel, tá súil agam go bhfuil na Francaigh chomh spéisiúil is atá na francaigh, a Dennis. ;)

    ReplyDelete
  5. Is maith liom an bosca bruscair

    ReplyDelete