6.5.11

Daonlathas sa dorchadas

Bhí Cuan Caerdydd geal gnóthach aréir agus iad i mbun comhairimh ar vótaí sa toghchán tionóil. Bhí atmaisféar aisteach ann mar gheall ar na soilsí láidre a bhí á úsáid ag an stiúideo sealadach BBC Cymru in aice leis an Senedd/Seanad. Seo daoibh roinnt pictiúirí ón gceantar.

An Senedd é féin, a bhí lán le DATs (Daoine Ana-Thábhachtacha) deireanach aréir.

"Bíodh solas ann!". Soilse stiúideo sealadach an Bhíb.

Breo aisteach timpeall an Millennium Centre.

Dála an scéal, is cosúil gur éirigh le Labour tromlach a fháil sa Tionól, agus ní bheidh orthu brath ar Plaid Cymru as seo amach.

Is cosúil freisin nár éirigh le gluaiseacht na Lib Dems chun AV (córas vóta eile) a thabhairt isteach sna toghcháin Westminster. Is trua é. Ach is léir nach raibh fonn ar mhuintir na Breataine fáil réidh leis an sean-chóras FPTP (céad duine abhaile!) cé go bhfuil AV agus PR (ionadaíocht chionmhar) in úsáid sna toghcháin réigiúnacha agus áitiúla cheana féin.

3 comments:

  1. An cruthúchán de do chuid fhéin an téarma "DAT"?

    ReplyDelete
  2. Toradh atá bunoscionn le SNP agus Labour i dtír eile thall!

    ReplyDelete
  3. Is liomsa an ceann sin, ormondo. Bhfuil acrainm ann cheana féin?

    SNP abú, a Dennis. Tá polaitíocht na tíre seo mall leadránach. Ní athraíonn mórán agus, dar liom féin, níl mórán difríochta idir na páirtithe ar fad. Ach an mhalairt ar fad san Alban.

    ReplyDelete