3.5.11

An Carr Ceithre-theangach

Chonaic mé an carr seo os mo chomhair inné (tríd an ngaothscáth scoilte). Carr ceithre-theangach atá ann.


Bhí...

...cláruimhir Gearmáinise aige le hainm an díoltóra - 'autozentrum'...

...lógó Béarla air - 'Twingo' - meascán de 'Twist', 'Swing' and 'Tango' de réir Wikipedia...

...cineál mana Fraincíse faoin lógó - 'comme toujours'...

...agus suaitheantas Breatnaise 'Cymru' ar a chúl.

Íomhá dearfach don ilchultúrachas daoibh seachtain roimh Lá na hEorpa.

1 comment: